Na Scillí

oileánra san Aigéan Atlantach
(Athsheolta ó Syllan)

Oileánra san Aigéan Atlantach is ea na Scillí[1] (Coirnis: Syllan, Béarla: Isles of Scilly), amach ó chósta thiar theas Chorn na Breataine. Cónaítear ar chúig cinn de na Scillí; tá isteach is amach le 2,000 duine ar fad ina gcónaí ann. Is cuid den Ríocht Aontaithe iad na hoileáin.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachNa Scillí
(en) Isles of Scilly Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileánra, ceantar neamhchathrach agus rural district (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa hOileáin Cheilteacha Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilNa hOileáin Cheilteacha Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháincontae searmanais Chorn na Breataine, England Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 49°56′10″N 6°19′22″W / 49.9361°N 6.3228°W / 49.9361; -6.3228
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Cheilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Tresco (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige51 m Cuir in eagar ar Wikidata
Achar16.3376 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Area of Outstanding Natural Beauty (en) Aistrigh
Am1975

Suíomh gréasáinscilly.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Scilly Isles; John Bartholomew; 1874

Ar an 22ú Deireadh Fómhair sa bhliain 1707, thit ceann de na tubáistí ba mhó i stair Chabhlach na Breataine Móire amach sna hoileáin. Briseadh ceithre long de chuid an chabhlaigh ar chladaigh na Scillí agus iad ar strae sa cheo. Cailleadh idir 1,400 agus 2,000 fear, an tAimiréal Sir Cloudesley Shovell, stiúrthóir na long, ina measc.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “na Scillí” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-20.