Tadhg Ó Scanaill (aisteoir)
aisteoir agus scríbhneoir Éireannach
Aisteoir, scríbhneoir, agus gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea Tadhg Ó Scanaill (9 Bealtaine 1883-18 Eanáir 1967). Ba as Baile Bhuirne, Contae Chorcaí é. Chaith sé tamall ina chónaí i Londain, Sasana, áit ar bhunaigh sé compántas drámaíochta darb ainm Na Mullacháin. Sa bhliain 1916, bhí sé i measc na ndaoine a bhunaigh eagraíocht nua Gaeilge An Fáinne, in éineacht le Piaras Béaslaí, Liam Ó Briain, Colm Ó Murchadha, agus Cú Uladh. D'fhoilsigh sé úrscéal Thall is Abhus sa bhliain 1953. Ba chol seisir é don mhúinteoir Tadhg Ó Scanaill (1870-1939).
Tadhg Ó Scanaill (aisteoir) | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Baile Bhuirne, Bealtaine 9, 1883 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Eanáir 18, 1967 |
Gairm | |
Gairm | aisteoir |