San Eaglais Chaitliceach, in Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthear, agus i roinnt traidisiún Anglacánach agus Liútarach, is éard is taibearnacal[1][2] ann ná bosca speisialta ina gcuirtear an Comaoineach Naofa (an abhlann choisricthe) faoi ghlas mar chuid de shacraimint na Eocairiste. Tugtar almóir[3] (Béarla: aumbry) ar choimeádán den chineál céanna atá ionsuite go díreach isteach i mballa.

Taibearnacal óir, iarsmalann Chluain Meala

De ghnáth, déantar an taibearnacal as miotail lómhara, cloch, nó adhmad, agus is féidir é a chur faoi ghlas agus a fheistiú ar an altóir nó ar an mballa i ngar di, sa chaoi nach mbeifí in ann an abhlann choisricthe a thógáil gan chead. Sna reiligiúin seo, creidtear go bhfuil láithreacht réalta Íosa san Chomaoineach, agus dá bharr sin, úsáideann siad an téarma taibearnacal, focal ón Sean-Tiomna a dhéanann tagairt do láithreacht Dé i measc na nGiúdach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): tabernacle” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-07-06.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “tabernacle — Aistriúchán Gaeilge ar tabernacle (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-06.
  3. “aumbry” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-06.