Taisce Cheol Dúchais Éireann
Is taisce thagartha agus ionad acmhainne í Taisce Cheol Dúchais Éireann (Irish Traditional Music Archive nó ITMA) suite i mBaile Átha Cliath, do dhaoine ar suim leo san amhránaíocht, cheoluirlise agus rince dúchais na hÉireann. Bunaíodh an ITMA ar an 29 Iúil 1987[1][2] le Nicholas Carolan agus Harry Bradshaw mar stiúrthóirí.
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | ITMA ![]() | ||||
Cineál | public institution (en) ![]() eagraíocht neamhbhrabúis ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1987 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceannceathrú | |||||
Suíomh gréasáin | itma.ie ![]() | ||||
Is ansin atá an bailiúchán is mó dá bhfuil ann de cheol dúchais na hÉireann, agus an bailiúchán is mó faisnéise ar an gceol. Tá an Taisce ina phríomhionad chun taitneamh a bhaint as an gceol agus chun staidéar a dhéanamh air.
FeidhmeannaCuir in Eagar
Áis phoiblí gan beann ar bhrabús í a bhíonn oscailte saor in aisce dóibh siúd ar suim leo foirmeacha ealaíne cheol dúchais na hÉireann, idir chomhaimseartha agus stairiúil. Cuireann an chartlann oideachas pobail sa cheol dúchais chun cinn trína cuid gníomhaíochtaí féin agus trí chomhpháirtíochtaí le daoine eile.
Is ag an Taisce atá an bailiúchán is mó dá shórt; tá ábhar ann as Éirinn trí chéile, agus ó cheantair thar sáile ina bhfuil Éireannaigh lonnaithe (go háirithe an Bhreatain, Meiriceá Thuaidh agus an Astráil), chomh maith le daoine nach Éireannaigh iad a sheinneann ceol traidisiúnta. Tá bailiúchán ionadaíoch de cheol traidisiúnta as tíortha eile freisin á thiomsú.
FoilseacháinCuir in Eagar
Tá an Taisce ag comhoibriú le mórán daoine eile ina gcuid oibre. Ar na comhthionscnaimhː
- The Journal of Music in Ireland[3] - soláthar liostaí reatha ceirníní, leabhar, scannán, alt agus íomhánna cartlainne;
- Na Píobairí Uilleann[4] - ailt agus míreanna cartlainne;
- Cló Iar-Chonnachta - Leabhar Mór na nAmhrán,[5] srl.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ TradConnect (2012). "25th Anniversary of Founding of ITMA ( Irish Traditional Music Archive )" (en). tradconnect.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-27. Dáta rochtana: 2019-07-27.
- ↑ Irish Traditional Music Archive (2019-07-27). "Stair" (ga). ITMA. Dáta rochtana: 2019-07-27.
- ↑ "The Journal of Music: News, Reviews & Opinion | Music Jobs & Opportunities" (en). The Journal of Music: News, Reviews & Opinion | Music Jobs & Opportunities. Dáta rochtana: 2019-07-27.
- ↑ "Na Piobairi Uilleann" (en-US). Dáta rochtana: 2019-07-27.
- ↑ "Leabhar Mór na nAmhrán | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-20. Dáta rochtana: 2019-07-27.