Tanja Kreil
Innealtóir leictreonach is ea Tanja Kreil (a rugadh sa bhliain 1977). In 1996 chuir sí isteach ar phost mar innealtóir san arm Gearmánach. Ach bean a bhí inti agus tugadh an chluas bhodhar di. Ní raibh sa Bundeswehr ag an am ach mná sna seirbhísí sláinte agus cúpla ceoltóir (ina theannta sin, bhí an coinscríobh i bhfeidhm do na fir go dtí 2011).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1977 46/47 bliana d'aois Hannover, An Ghearmáin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | leictreoir |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Ar 11 Eanáir 2000, dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach go raibh an reachtaíocht Ghearmánach contrártha do dhlí an Chomhphobail ar chomhionannas inscne.[1] Tugadh “Rialú Kreil” ar an rialú cúirte. Thug an chúirt breithiúnas cinniúnach ar son chearta na mban.
Ligeadh isteach cúpla bean san arm don chéad uair sa bhliain 2001. Ritheadh reachtaíocht in 2005. Ach fuair Kreil post eile le comhlacht príobháideach idir an dá linn.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Tanja Kreil v Bundesrepublik Deutschland" (as en) (11 January 2000) (Case C-285/98).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |