Tapio Wirkkala
Dearthóir agus dealbhóir Fionlannach ab ea Tapio Veli Ilmari Wirkkala (2 Meitheamh 1915 – 19 Bealtaine 1985), figiúr mór sa dearthóireacht domhanda sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. I measc a shaothar tá buidéil ketchup phlaisteacha, agus éagsúlacht mhór earraí miotail, gloine, ceirmeachta, agus adhmaid.
Tapio Wirkkala | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Tapio Veli Ilmari Wirkkala |
Eolas breithe | Hanko, 2 Meitheamh 1915 |
Náisiúntacht | An Fhionlainn |
Bás | Heilsincí, 19 Bealtaine 1985 |
Áit adhlactha | Hietaniemi cemetery (en) ![]() |
Muintir | |
Athair | Ilmari Wirkkala |
Céile/Céilí | Rut Bryk |
Páistí | liosta iomláin |
Oideachas | |
Alma mater | Helsinki University of Technology (en) ![]() |
Teangacha | An Fhionlainnis |
Gairm | |
Gairm | dearthóir, dealbhóir, ealaíontóir gloine agus dearthóir seodra |
Áit oibre | Heilsincí |
Duaiseanna | |
IMDb | nm3541051 |
wirkkala.fi |
Eisean a dhear na bancnótaí markka a eisíodh san Fhionlainn sa bhliain 1955. Dhear sé earraí don ghnáthmhargadh, agus rinne sé dealbha ealaíne chomh maith.
Ar na saothair is mó clú orthu tá an buidéal a dhear sé do Finlandia vodka (1970-2000) agus an fhoireann gloiní cistine sin Ultima Thule a rinne sé le haghaidh Iittala.
Tá oighreog (agus í ag leá) mar chuid den dearadh don dá rud. I gcás na ngloiní, deirtear gur thóg sé na mílte uair ar shéideoirí gloine Iittala chun teacht ar theicníc a atáirgeadh cruth agus cuma na n-oighreog.
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |