Scannán Gaeilge é Tarrac a tháinig amach in 2022. Ó scéim Cine4 de chuid TG4 a tháinig sé.

Bosca Sonraí ScannáinTarrac
Buneolas
StiúrthóirDeclan Recks Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt10653008 Cuir in eagar ar Wikidata

Sa saothar seo, a stiúraigh Declan Recks, filleann Aoife Ní Bhraoin (Kelly Gough) ar an bhfód dúchais i gCorca Dhuibhne le haire a thabhairt dá hathair Breandán 'The Bear' Ó Braoin atá ag teacht chuige féin ó bhuail taom croí é. Cé gur cosúil go bhfuil gach ní mar ba cheart eatarthu is léir ina dhiaidh sin féin go bhfuil bás a máthar fós ag goilliúint ar an mbeirt acu. Tugann sí faoin rásaíocht naomhóg arís agus láidríonn sin a nasc leis an gceantar agus lena muintir. Lorcan Cranitch agus Cillian Ó Gairbhí atá sna príomhróil eile.[1]

Faoi stiúir Declan Recks, Eugene O'Brien a scríobh agus Clíona Ní Bhuachalla a léirigh.

Feictear tírdhreach álainn Chorca Dhuibhne sa scannán.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Breandán M Mac Gearailt (29 Nollaig 2023). "Faoi gheasa ag an seandraoi Scorsese agus ag an scannán Gaeilge is fearr riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-31.