Teangacha na mBeirbeireach

fine teangacha agus canúintí a labhraítear i dTuaisceart na hAfraice
(Athsheolta ó Teangacha Beirbeireacha)

Is iad teangacha na mBeirbeireach (nó na teangacha Beirbeireacha) teangacha bundúchasacha an tSahára, agus iad á labhairt ag dhá scór milliún duine sna tíortha timpeall an tSahára. Labhraítear iad ag daonraí móra san Ailgéir agus i Maracó, agus ag daonraí níos lú sa Libia, sa Túinéis, i dtuaisceart Mhailí, iarthar agus tuaisceart na na Nígire, tuaisceart Bhuircíne Fasó, san Mháratáin, agus in ósais Sioua san Éigipt. Tá pobail imirceacha a labhraíonn teangacha na mBeirbeireach ina gcónaí in Iarthar na hEorpa ó na 1950í. Sa bhliain 2001, bhain teangacha na mBeirbeireach stádas amach mar theanga náisiúnta bhunreachtúil na hAilgéire, agus sa bhliain 2011 bhain an teanga stádas oifigiúil bunreachtúil amach i Maracó, tar éis blianta de ghéarleanúint.

Infotaula de llenguaTeangacha na mBeirbeireach

Cineálfine teangacha
Úsáid
Cainteoirí dúchais17,000,000
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
Cóid
ISO 639-2ber
ISO 639-5ber
Glottologberb1260
Linguasphere10
Linguist Listberb
IETFber

Teangacha Afráiseacha iad, is é sin tá gaol acu leis na teangacha Seimíteacha agus na teangacha Cúiseacha, ach san am chéanna tá siad an-difriúil leis na teangacha Afráiseacha eile. Maidir leis na teangacha Beirbeireacha féin tá dlúthghaol acu le chéile, agus is iomaí teangeolaí a deir nach bhfuil ach canúintí aon teanga amháin iontu. Is iad na príomhtheangacha Beirbeireacha ná Tacelhit, Taqbaylit, Tamazight, Tmazight, Tacawit agus Tamahaq. Na Beirbeirigh a bhfuil oideachas orthu, tá siad ag forbairt comhtheanga scríofa do na canúintí go léir, agus is éard a thugann siad ar an teanga chaighdeánach seo ná Tamazight.

Is í an ghné is feiceálaí de ghramadach na dteangacha Beirbeireacha ná an dá t a chuirtear timpeall an ainmfhocail más focal baininscneach é. Samplaí de seo iad ainmneacha na dteangacha, mar a fheicimid ar ainmneacha na dteangacha Beirbeireacha féin. Tirlandit an t-ainm Beirbeireach ar an nGaeilge.

Tagairtí cuir in eagar