Is í an tSlóivéinis príomhteanga agus teanga oifigiúil na tSlóvéine. Tá an Iodáilis á labhairt in áiteanna ar leithinis Istria Slóivéanach agus tá an Ungáiris á labhairt in áiteanna in oirthuaisceart na tíre ar an teorainn leis an Ungáir. Tá an Iodáilis agus an Ungáiris oifigiúil in áiteanna ina bhfuil go leor cainteoirí.

Is í an Cróitis an teanga iasachta is mó sa tSlóivéin agus 59% don daonra in ann í a labhairt de réir suirbhé a dhein Eurobarometer sa bhliain 2005. Is í an Béarla an tarna teanga is mó eolas agus 57% in ann í a labhairt. Is í an Ghearmáinis an tríú teanga iasachta is mó agus 50% in ann í a labhairt. Dúirt 15% go bhfuileadar in ann an Iodáilis a labhairt.

Tagairtí cuir in eagar

(as Béarla agus as Fraincis) http://ec.europa.eu/public_opinion/archives/ebs/ebs_243_en.pdf