Is í an Ollainnis príomhteanga ríocht na hÍsiltíre agus í á labhairt ag mór chuid de dhaonra na hÍsiltíre. Chomh maith leis an Ollainnis tá an Freaslainnis, an Béarla agus an Paipeamaintis aitheannta mar teangacha réigiúnach agus iad á labhairt sa Fhreaslainn, i Saba, Sint Eustatius agus i Bonaire faoi seach.

Tá cáil ar mhuitir na hÍsiltíre ó thaobh foghlaim teangacha iasachta de. I suirbhé a dhein Eurobarometer sa bhliain 2005 dúirt 89% go bhfuilid in ann an Béarla a labhairt, 70% go bhfuilid in ann an Gearmáinis a labhairt agus dúirt 29% go bhfuilid in ann an Fraincis a labhairt.

Tagairtí cuir in eagar

(as Béarla agus as Fraincis) http://ec.europa.eu/public_opinion/archives/ebs/ebs_243_en.pdf