Teorainn Roche
Tugtar teorainn Roche nó ga Roche ar an teorainn timpeall na rinne neimhe nach gceadaítear satailítí i bhfoirm shreabhach taobh istigh di. Is é sin, dá mbeadh deoir mhillteanach leachta ag timpeallú na rinne neimhe taobh istigh de theorainn Roche, thitfeadh sí as a chéile agus na fórsaí taoide á streachailt as a chéile, agus dá mbeadh sí á timpeallú taobh amuigh den teorainn chéanna, choinneodh a himtharraingt féin le chéile í. Ar ndóigh, ní leacht a bhíonn i gceist le satailítí na reann neimhe - bíonn na gealacha comhdhéanta as cloch agus as oighear. Mar sin féin, tá tábhacht phraiticiúil le teorainn Roche mar choincheap. An smionagar a bhíonn ag timpeallú an phláinéid, cuir i gcás, déanfaidh sé fáinne thart ar an bpláinéad taobh istigh de theorainn Roche; ach taobh amuigh den teorainn, tiocfaidh sé le chéile, ionas go gcruthófar satailít nua. Sin é an cineál claonadh a bheidh ann, ar a laghad.
B'é an réalteolaí Francach Édouard Roche a d'oibrigh amach an taobh matamaiticiúil den scéal thiar sa bhliain 1848, agus is as a hainmníodh an coincheap.
Foirmle
cuir in eagar- .
San fhoirmle seo, is ionann:
- d agus teorainn Roche
- r agus ga na satailíte
- M agus mais an phríomhúlaigh (is é an príomhúlach an réad atá an tsatailít a thimpeallú)
- m agus mais na satailíte féin
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |