Osclóidh seo an príomhroghchlár

Is comhlacht é Tesla Motors, Inc. bunaithe i gCailifornia a dearaíonn, a dhéanann, agus dhíolann carranna leictreacha agus comhpháirteanna de ghléasraí cumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha. Is comhlacht poiblí é Tesla Motors a thrádálann ar an stocmhalartán NASDAQ faoin siombail TSLA. Tar éis 10 bliain, phostáil Tesla brabúis don chéad uair i rith an chéad ráithe de 2013. bhain Tesla Motors Tesla aird fhorleathan amach as an Tesla Roadster a tháirgeadhth, an chéad charr spóirt iomlán leictreacha, agus ina dhiaidh sin as an Model E, salún sóchais a bhí go hiomlán leictreach.

Teslas nua ag an mhonarcha sa bhliain 2012

Cuireann Tesla Motors comhpháirteanna de ghléasraí cumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha ar an mhargadh freisin, lena n-áirítear pacáistí de cheallraí ian litiam, le haghaidh carr-dhéantúsóirí eile, lena n-áirítear Daimler agus Toyota. Tá sé ráite ag Elon Muisc, príomhoifigeach feidhmiúcháin an chomhlachta go bhfuil se de rún ag Tesla bheith ina carr-dhéantúsóir neamhspleách, a mbeadh dírithe sa deireadh thiar ar charranna leictreacha a mhais-tháirgeadh go hiomlán, ar phraghas réasúnta chuig an gnáth thomhaltóir.