Déanann feithiclí leictreacha níos lú dochair don chomhshaol agus tá siad níos saoire le húsáid.[1]

Carr leictreach

Innealtóireacht cuir in eagar

De bhrí go bhfuil sceithghás gluaisteáin peitril nó díosail chomh salach sin agus chomh dochrach don chomhshaol, tá tóir le fada ar fheithiclí leictreacha a bheadh i bhfad níos glaine. Ach níl an fheithicil leictreach saor go hiomlán ó gháis sceite, mar gineann an gnáthbhataire gal le linn a fheidhmithe. Beidh gá le cineálacha nua bataire, mar sin.

Ní oirfidh cealla gréine mar fhoinse cumhachta d'fheithiclí tarrthála nó gluaisteáin teaghlaigh, mar nach féidir leo dóthain cumhachta a sholáthar gan achar rómhór ceall a bheith de dhíth ar dhromchla feithicle. Tá fuinneamh timpeall 78 vata-uair nó 280 kJ riachtanach in aghaidh gach ciliméadar slí.

I gcás bataire nua-aoisigh, fiú tar éis na mblianta taighde, tá droch-chóimheas idir an fuinneamh stóráilte is meáchan an bhataire. Mar shampla, bíonn fuinneamh timpeall 126 kJ le fáil in aghaidh an chileagraim i ngnáthbhataire luaidhe-aigéadach, ach 5600 kJ in aghaidh an chileagraim i bpeitreal. Sa bhataire is éifeachtaí dá bhfuil ann faoi láthair, an bataire suilfídsóidiam, tá 560 kJ fuinnimh in aghaidh an chileagraim.

Sa todhchaí, tá sé i gceist fuinneamh a chaomhnú i bhfeithiclí trí athghiniúint. Meastar go sabháilfí 10% den fhuinneamh i ngnáth-thuras dá n-úsáidfí an mótar mar ghineadóir le linn don fheithicil leictreach dul le fána. Tá súil le breis ardú éifeachta de bharr feabhsaithe sna giaranna.

Tá scéimeanna eile á saothrú chun cumhacht leictreach a sholáthar don fheithicil go leanúnach trí ionduchtú ó shreanga faoin talamh sa bhóthar. Fiú dá mbeadh a leithéid ar fáil ar feadh príomhbhóithre amháin, laghdódh sé an gá le batairí móra sa bhfeithicil féin.

Feithiclí leictreacha in Éirinn cuir in eagar

Léiríonn figiúirí nua ón bPríomhoifig Staidrimh sa bhliain 2022 gurb iad feithiclí leictreacha 21% den iomlán a bhí cláraithe in 2022 (ní raibh ann ach 14% an t-am céanna sa bhliain 2021).[2][3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. SEAI. "Fuinneamh a shábháil agus tú ag taisteal". Dáta rochtana: 2022.
  2. Hussey, Matt (2011). "Feithicil leictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 262.
  3. Nuacht RTÉ (2022-08-10). "Borradh mór faoi éileamh carranna leictreacha" (as ga-IE).