Iris Chaitiliceach den eite dheis í The Brandsma Review atá á fhoilsiú in Éirinn.[1]

Infotaula de publicacions periòdiquesThe Brandsma Review
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Am tosaigh1992 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomhbrandsmareview.wordpress.com Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh an iris i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 1992 tar éis "Cás X" (ginmhilleadh). Tá an iris ainmnithe in ómós do Títus Brandsma, sagart Ollannach Cairmíliteach. Rinne sé staidéar ar an mBéarla i Sráid na mBráthar Bán i mBaile Átha Cliath agus chuir na Naitsithe chun báis é i Dachau sa bhliain 1942.

Tá mana Laidinne ag an iris Pro Vita, Pro Ecclesia Dei et Pro Hibernia a chiallaíonn go bhfuil an iris in aghaidh an ghinmhillte, ar son Eaglais Dé agus ar son na hÉireann. Glacadh an teideal Ecclesia Dé ó thréadlitir de chuid Eoin Pól II i leith an Aifrinn Laidinigh in 1988.

Bhí Nioclás Ó Labhraigh ina eagarthóir idir 1992 agus 2011, agus Peadar Laighléis ó 2012.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Gaeilge" (en). The Brandsma Review (2016-12-28). Dáta rochtana: 2019-07-20.
  2. ie.linkedin.com. "Peadar Laighléis". Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]