The Diplomat (sraith theilifíse)

Clár teilifíse Meiriceánach is ea  '''The Diplomat''', a tháinig amach ar Netflix don chéad uair ar Netflix sa bhliain 2023.

Infotaula de sèrie de televisióThe Diplomat
Séanradráma teilifíse agus political thriller (en) Aistrigh
PríomhábharAmbasadóir na Stát Aontaithe chun na Ríochta Aontaithe
Suíomh scéalaíochtaLondain
CruthaitheoirDebora Cahn (en) Aistrigh
Aisteoirí
TírStáit Aontaithe Mheiriceá
BunteangaBéarla
Bealach teilifíseNetflix
Fad na n-eipeasóidí56 min
An chéad eipeasóid20 Aibreán 2023
Líon séasúr1
Líon eipeasóidí8
Tuilleadh eolais
IMDB: tt17491088 Filmaffinity: 942655 Allocine: 31197 Rottentomatoes: tv/the_diplomat Cuir in eagar ar Wikidata
Keri Russell, 2016

Aisteoirí cuir in eagar

Rufus Sewell

Is iad na príomcharachtair an tAmbasadóir Kate Wyler (Keri Russell) is a fear céile, an tIar-Ambasadóir Hal Wyler (Rufus Sewell). Tá siad i bhformhór mór na radharcanna.

Scéal cuir in eagar

Ag tosach an chéad ghála címid ionsaí ar iompróir aerárthaí de chuid na Ríochta Aontaithe i Murascaill na Peirse. Tá an lasair sa bharrach. Tá gach n-aon ar tinneall agus óir nach bhfuil aon Ambasadóir ag na Stáit Aontaithe sa Ríocht Aontaithe caitheann an tUachtarán ceapachán tapaidh a dhéanamh. Taidhleoir í Kate Wyler le blianta agus í ar tí tabhairt faoi phost casta, tábhachtach san Afganastáin.[1]

Taidhleoir cumasach, glic, sleamhain ba ea an tIar-Ambasadóir Hal Wyler tráth ach bhí a shlí achrannach féin aige a chuir pip is drochmhianach ar dhaoine. Tá sé gan post anois agus é i ról “na mná céile”. Le cúraimí a dhéanamh níos casta fós tá pósadh na beirte ar tí titim as a chéile agus tá an tUachtarán ag cuimhneamh ar Kate a cheapadh mar Leas-Uachtarán.  Slogann pósadh na beirte cuid shuntasach den saothar agus cé go bhfuilid ag caitheamh achasán ar a chéile is léir go bhfuil gean acu ar a chéile go fóill.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Breandán Mac Gearailt (1 Bealtaine 2023). "Saothar snasta, cliste é The Diplomat agus ní hé oidhre The West Wing é." (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-03.