Is éard is iompróir aerárthaí ann ná árthach cogaidh mara ar féidir le haerárthaigh éirí de agus tuirlingt air. Forbraíodh i rith an Chéad Chogadh Domhanda iad. Cúrsóir cogaidh ab ea an chéad cheann, Furious, a tógadh sa bhliain 1918. Dhá bhord eitilte a bhí air, bord tosaigh is bord deiridh, agus bhí ar na piolóití eitilt le taobh is sciúird thapa i leataobh a dhéanamh chun tuirlingt ar bord. I 1925 atógadh é lena dhroichead i leataobh ar dheasbhord de bhord leanúnach eitilte amháin. Tháinig an dearadh seo le bheith comhghnásach. Bhí na hárthaigh chogaidh seo an-suntasach sa dara cogadh domhanda san Aigéan Ciúin is san Atlantach. Chuir na Briotanaigh leis an dearadh, leis an gcrann tabhaill gaile chun cabhrú le lainseáil is tuirlingt na n-eitleán, an bord eitilte ar uillinn ó ais is treo taistil an iompróra, agus an radharc scáthánach tuirlingthe. Árthach de chuid na Stát Aontaithe an ceann is mó ar Domhan anois, an Nimitz, a iompraíonn 90 aerárthach. Thóg na Stáit Aontaithe an chéad iompróir núicléach, an Enterprise, sa bhliain 1961.[1]

Bosca Sonraí SoitheachIompróir aerárthaí
Saintréithe teicniúla
Cineálaviation vessel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
An USS Enterprise (SAM) agus an FS Charles de Gaulle (An Fhrainc)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iompróir aerárthach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 375.