The Hunger Games (sraith scannán)

sraith scannán


Is í sraith scannán í The Hunger Games a bhfuil ceithre scannán inti atá bunaithe ar thriológ na n-úrscéalta The Hunger Games le Suzanne Collins. Dáileadh ag Lionsgate agus tá príomhpháirteanna ag Jennifer Lawrence mar Katniss Everdeen, ag Josh Hutcherson mar Peeta Mellark, ag Liam Hemsworth mar Gale Hawthorne, ag Woody Harrelson mar Haymitch Abernathy, ag Elizabeth Banks mar Effie Trinket, ag Stanley Tucci mar Caesar Flickerman, agus Donald Sutherland mar Uachtarán Sneachta. Stiúir Gary Ross an chéad scannán, agus stiúir Francis Lawrence na trí scannán ina diaidh.

Bosca Sonraí ScannáinThe Hunger Games

Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirGary Ross Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptSuzanne Collins Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinColor Force (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirLionsgate Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Bunaithe arThe Hunger Games Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrascannán bunaithe ar úrscéal Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáin oifigiúilthehungergamesmovie.com Cuir in eagar ar Wikidata
Rottentomatoes: franchise/the_hunger_games Cuir in eagar ar Wikidata

Is í The Hunger Games an 20ú sraith scannán is mó a thug airgead isteach,tá US $2.97 billiún tuillte aici ar fud an domhain.

Scannáin cuir in eagar

The Hunger Games (2012) cuir in eagar

Gach bliain, i bhfothrach na Meiriceá Thuaidh, cuireann príomhchathair na Panam d'fhiacha ar gach ceann dá 12 cheantar buachaill amháin agus cailín amháin, atá idir 12 agus 18, a sheoladh chun dul in iomaíocht sna Hunger Games a chraoltar ar an teilifís ar fud na tíre. Cuirtear iallach ar na iomaitheoirí troid le chéile go maire ach duine amháin Nuair a roghnaíodh Primrose Everdeen le dul in iomaíocht, deir a deirfiúr mhór Katniss Everdeen go rachaidh sí ina háit.

The Hunger Games: Catching Fire (2013) cuir in eagar

Fillean Peeta Mellark agus Katniss Everdeen abhaile go District 12 tar éis na Hunger Games a bhaint ach caithfidh sibh cuairt na tíre a thabhairt anois chun an bua a cheiliúradh. Ar an gcuairt airíonn Katniss go bhfuiltear ag cur i dtréas an pobal na tíre agus b'fhéidir gurbh iadsan is cúis leis an tréas. Tá smacht ag an rialtas ar an tír fós agus tá Uachtarán Sneachta i mbun an 75ú Hunger Games - an Quarter Quell - a ullmhú agus b'fhéidir go n-athródh sé Panem go deo.

The Hunger Games: Mockingjay - Part 1 (2014) cuir in eagar

Tar éis an comórtas a mhilleadh ag Katniss Everdeen, tosaíonn an scannán agus í i District 13. Tosaíonn Katniss ag troid i gcoinne an rialtas agus le tarrtháil a dhéanamh ar Pheeta le cuidiú a carad agus le cuidiú buaiteoirí eile agus iad faoin gceannasaíocht Uachtaráin Alma Coin agus an pobal spreagtha ag misneach Katniss.

The Hunger Games: Mockingjay – Part 2 (2015) cuir in eagar

Aithníonn Katniss Everdeen go bhfuil thar mharthanas i gceist anois agus téann sí i gcomhar lena cairde agus le na ceannaircigh eile ar an misean deireanach chun an pobal a shaoradh agus Uachtarán Sneachta a fheallmharú.

Léirmheasanna cuir in eagar

Scannán Rotten Tomatoes Metacritic CinemaScore
The Hunger Games 84% (298 léirmheas) [1] 68 (49 léirmheas) [2] A [3]
The Hunger Games: Catching Fire 89% (275 léirmheas) [4] 76 (49 léirmheas) [5] A [3]
The Hunger Games: Mockingjay - Part 1 68% (281 léirmheas) [6] 64 (46 léirmheas) [7] A- [3]
The Hunger Games: Mockingjay - Part 2 70% (274 léirmheas) [8] 65 (44 léirmheas) [9] A- [3]

Rinneadh léirmheasanna maithe (>60%) ar gach scannán sa tsraith ar Rotten Tomatoes.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "Cóip cartlainne". Cinemascore.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Nollaig 20, 2018. Dáta rochtana: Márta 10, 2019.
  4. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  5. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  6. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  7. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  8. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  9. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".