The Jungle Book (scannán 1967)
Scannán beochana ceolmhar grinn Meiriceánach de chuid Disney ón bhliain 1967 is ea The Jungle Book. Tá scannán bunaithe ar an leabhar den ainm céanna le Rudyard Kipling. Wolfgang Reitherman an stiúrthóir. Walt Disney a léirigh agus a scaoil é do na pictiúrlanna ar 18 Deireadh Fómhair 1967. Ghlac Phil Harris, Sebastian Cabot, George Sanders, Louis Prima, Sterling Holloway, J. Pat O'Malley, Verna Felton, agus Bruce Reitherman páirt ann. Tháinig an scannán leantach, The Jungle Book 2, amach sa bhliain 2003.
CeolCuir in Eagar
- "Colonel Hathi's March"
- "The Bare Necessities"
- "I Wanna Be Like You"
- "Trust in Me"
- "That's What Friends Are For"
- "My Own Home"