The Notorious B.I.G.
rapálaí Meiriceánach
Ba rapcheoltóir cáiliúil as Brooklyn i Nua-Eabhrac i lár na 1990idí Christopher Wallace (21 Bealtaine 1972 - 9 Márta 1997), ar a tugadh Biggie Smalls mar leasainm, nó The Notorious B.I.G. níos minice. Ina chuid amhráin rapála, d'úsáid sé an leasainm Frank White chomh maith.
I measc a chuid amhrán, is dócha gurb iad Big Poppa agus One More Chance an dá amhrán ba cháiliúla a rinne sé.
Díoltas cuir in eagar
Ar an 9 Márta 1997, maraíodh Wallace i Los Angeles, California i SAM. Bhí troid leanúnach aige le rapcheoltóir eile, Tupac Shakur. Measann roinnt daoine gur ghlac Biggie páirt i ndúnmharú Tupac cúpla mí roimh ré. Mar sin b'fhéidir gur bhain duine éigin díoltas amach.
Bhí albam iarbháis, "Life after Death", eisithe ar an 23 Márta 1997.
Dioscliosta cuir in eagar
Albaim Stiúideo cuir in eagar
- Ready to Die (1994)
- Life After Death (1997)
Comhoibriú cuir in eagar
- Conspiracy (le Junior M.A.F.I.A.) (1995)
Iarbháis cuir in eagar
- Born Again (1999)
- Duets: The Final Chapter (2005)
- The King & I (le Faith Evans) (2017)
Tagairtí cuir in eagar
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |