Thekla Beere

státseirbhíseach Éireannach

Ba státseirbhíseach Éireannach í Thekla June Beere (20 Meitheamh 1901 - 19 Feabhra 1991).

Infotaula de personaThekla Beere
Beathaisnéis
Breith20 Meitheamh 1901
Bás19 Feabhra 1991
89 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Alexandra Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstátseirbhíseach Cuir in eagar ar Wikidata

Ba í Thekla Beere (1901-1991) an chéad bhean riamh sa tír seo a bhí ina Rúnaí ar Roinn Rialtais, an Roinn Iompair, agus sa mbliain 1970 ceapadh í ina cathaoirleach ar an gCoimisiún ar Stádas na mBan.[1] D'oibrigh sí a bealach aníos go dtí an barr agus ceapadh í mar Rúnaí sa Roinn nua Iompair agus Cumhachta in 1959: b'in é príomhghrád na Státseirbhíse ag an am, agus í an chéad bhean a bhain an grád amach.

Tús a saoil

cuir in eagar

Rugadh agus tógadh Thekla Beere i dteach biocáire na Sráide, Contae na hIarmhí. Ba reachtaire in Eaglais na hÉireann é a hathair, Francis JA Beere, agus ba í Lucie Maude Potterton, iníon Dhéan Ardach, a máthair. Bhí deirfiúr amháin aici, Jocelyn Ruth ('Joy').

A bhuí le scoláireacht bheag, d'fhreastail sí ar Choláiste Alexandra i mBaile Átha Cliath. I ndiaidh roinnt post páirtaimsire, rinne sí staidéar i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus bhain sí Baitsiléir Dlíthe (LLB) agus céim in Eolaíocht Pholaitiúil agus Dlí amach in 1924.

Fuair Francis JA Beere bás in 1932, agus bhí cúram a máthar aici ón am sin.

Chuaigh sí isteach sa Státseirbhís mar chléireach sealadach baineann ag an bhrainse staitisticí, an Roinn Tionscail agus Tráchtála in 1924.

B'in iad na blianta ba mhó a raibh tionchar acu uirthi nuair ar bhain sí scoláireacht Laura Spelman Rockefeller amach in 1925, agus chaith sí dhá bhliain ag staidéar ceird an staidrimh in institiúidí acadúla agus riaracháin Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tar éis di filleadh ar Éirinn, d'fhan sí san oifig staitisticí go dtí gur éirigh sí ina hoifigeach ceannfoirt sa Rannóg Iompair agus Mara in 1941, agus í ag déileáil le hiompar arbhair, móna, agus bainne.[2] Fuair sí arduithe eile céime sna blianta ina dhiaidh sin sular shroich sí an grád ab airde sa Státseirbhís mar Rúnaí na Ranna nua Iompair agus Cumhachta in 1959. Dealraítear gur aithin Seán Lemass (Aire Tionscail agus Trádála agus Aire Soláthairtí) tuillteanas Beere. (Bryson (2009), lch 84) Bhí Lemass ina Aire ag am a harduithe céime is suntasaí.

Scríobh T.K. Whitaker (Rúnaí na Roinne Airgeadais) chuici mar chomhghairdeas:

"Ní rud úrnua duit í, an tseirbhís – níor oibrigh duine ar bith ní ba dhéine, ní raibh duine ar bith ní ba thiomnaithe, agus níor thuill duine ar bith an t-ard-aitheantas seo mar ar thuill tusa é."[3]

Más í an chéad bhean sa ghrád seo in Éirinn, is díol suntais é fosta gur Phrotastúnaigh an bheirt ab airde sa Roinn ag an am, í féin agus Aire na Roinne Erskine Childers.[4]

Ceanncheathrú na hÓige, BÁC 7

D'éirigh Beere as a post in 1966, ach d'fhan sí an-ghníomhach ar dtús. Ar na rudaí is fiúntaí a raibh lámh aici iontu bhí an Coiste Meánoideachais (1968-1974), Grúpa Athbhreithnithe Eagraíochta Seirbhísí Poiblí (1966-1969), agus go háirithe, bhí sí ina cathaoirleach ar an Choimisiún um Stádas Mná (1970-1972) ag ullmhú "Tuarascáil Beere" (Connolly): ar thorthaí an Choimisiúin bhí an tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974.[5]

uaimh, reilig Naomh Bríd, Stigh Lorgan,

Caidreamh agus Caithimh Aimsire

cuir in eagar

Níor phós Thekla Beere riamh ach bhí sí i gcaidreamh ar feadh daichead bliain le JJ O'Leary, fear gnó. Is féidir nár phós sí mar gheall ar an bhac pósta a bhí i bhfeidhm sa tseirbhís phoiblí ó 1924 go dtí 1973.[6]

Bhí an-spéis ag Beere sa taisteal agus sa tsiúlóireacht, agus bhí sí ina ball den choiste a bhunaigh An Óige in 1931. Mar gheall ar a suim sa scannánaíocht, toghadh ina huachtarán ar Chumann Scannán na hÉireann í in 1973.

Fuair Thekla Beere bás an 19 Feabhra, 1991, agus tá sí curtha i reilig Naomh Bríd, Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Máire Ní Fhinneadha (8 Márta 2023). "Mná sa saol poiblí á gcomóradh ar stampaí do Lá Idirnáisiúnta na mBan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.
  2. Bryson (2009), lch 72-73
  3. Bryson (2009), lch 79
  4. Bryson (2009), lch 81-82
  5. Bryson (2009), lch 133-165, agus féach ar The story of Ireland's First Commission on the Status of Women https://www.rte.ie/brainstorm/2020/1201/1181579-first-commission-on-the-status-of-women-ireland-1970/
  6. Bryson (2009), lch 178-180