Is í An Óige, nó Cumann Brúnna Óige na hÉireann (Béarla: Irish Youth Hostels Association) balleagraíocht náisiúnta Chumann Idirnáisiúnta na mBrúnna Óige i bPoblacht na hÉireann.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Óige
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1931
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deHostelling International (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán2,650,192 € (2015) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinanoige.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht cuir in eagar

Tá ceanncheathrú na hÓige suite i mBaile Átha Cliath, 61 Sráid Mhuinseo, agus brú óige de chuid an chumainn suite san fhoirgneamh chéanna. I dtús na bliana 2009, bhí an Óige ag reáchtáil 26 bhrú óige ar fud na hÉireann, cuid acu ag freastal ar na custaiméirí ar fud na bliana, an chuid eile teoranta do shéasúr turasóireachta an tsamhraidh.

Na haíochtlanna a bhíonn oscailte ar fud na bliana, tá siad suite i gcathracha móra na hÉireann, ach thairis sin, tá brúnna den chineál seo ag obair san Fhosadh i gCiarraí, in aice le Conga, i gceantar Ghaoth Dobhair agus i nGleann Dá Loch.

Ceanncheathrú na hÓige, BÁC 7

Tá obair na mbrúnna bunaithe ar bhallraíocht na lóistéirí san Óige nó i gcraobh náisiúnta éigin eile de chuid an Chumainn Idirnáisiúnta. An duine a thagann ag lorg lóistín i gceann de na brúnna gan a bheith ina bhall, ní chuirtear ó dhoras é, ach beidh an lóistín níos daoire air.

Tá an Óige ag comhoibriú le Hostelling International NI ("Brúdóireacht Idirnáisiúnta Thuaisceart Éireann"), ach níl baint dá laghad aici leis na Backpacker Hostels (brúnna na dturasóirí mála droma) ar fud na hÉireann.

Stair cuir in eagar

Bhí an-spéis ag Beere sa taisteal agus sa tsiúlóireacht, agus bhí sí ina ball den choiste a bhunaigh An Óige in 1931.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar