Tinteán
Iris Ghael-Astrálach ar líne is ea Tinteán. Foilsíonn an iris ailt, léirmheasanna agus filíocht. I mBéarla atá an chuid is mó den ábhar ach foilsítear ábhar Gaeilge freisin.
Is é an Australian Irish Heritage Network a chuireann Tinteán amach. Roimhe sin d’fhoilsigh an grúpa céanna Táin, iris chlóite a raibh ábhar den chineál céanna le léamh uirthi.[1]
Is é an cuspóir atá ag Tinteán féiniúlacht Ghael-Astrálach a chothú agus aird a thabhairt ar chúrsaí sóisialta, cultúir, polaitíochta agus reiligiúin a mbeadh suim ag Gael-Astrálaigh agus ag inimircigh Éireannacha iontu. Cuireann an iris roimpi cuntas a thabhairt ar théamaí móra na deoraíochta agus an lonnaithe agus scagadh a dhéanamh ar scéalta comhaimseartha na ndaoine a tháinig ó Éirinn go dtí an Astráil.
Nótaí cuir in eagar
- ↑ National Library of Australia, Trove: http://trove.nla.gov.au/work/32081002?selectedversion=NBD41570900