Tiobraid mac Taidhg
Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Tiobraid mac Taidhg (Sean-Ghaeilge Tipraite mac Taidg) (bás 786). Indreachtach mac Muireadhaigh Mhoilleathain (bás 723) ba ea a sheanathair, agus Aodh Balbh mac Indreachtaigh (bás 742) a uncail, iar-ríthe beirt.[1] Síol Muireadhaigh ba ea a mhuintir. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 782 go dtí 786.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 786 |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Indreachtach mac Muireadhaigh (seanathair) Aodh Balbh mac Indreachtaigh (deartháir tuismitheora) |
Sa bhliain 783, cuireadh Cáin Naomh Pádraig as Ard Mhacha i bhfeidhm i Ráth Cruachan ag Tiobraid agus an Ard Mhacha, Dub-dá-Leithe.[2] Díríonn sí aird ar chomhaitheantas Ard Mhacha agus Uí Bhriúin ar a n-éilimh i gcúige Chonnacht.[3] Agus Ard Mhacha tofa ag Tiobraid de rogha ar Oileán Í, cuireann seo in úil go raibh fonn air beartas eaglasta a leanúint ar neamhchead ar an Ardrí, Donnchadh na Mí mac Domhnaill,.[4]
Sa bhliain 784, chloígh Tiobraide airm Uí Fhiachrach Aidhne i gCath Carn Conaill (gar den Ghort).[5] Sa bhliain dár gcionn, chloígh sé, Uí Fhiachrach Mhuaidhe i gCath Mhuaidhe.[6] Chuir na buanna seo ardcheannas Uí Bhriúin sna Connachta ar bun.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Annála Uladh
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0