Titus Brandsma

Ba Cairmilíteach ón Ísiltír é Títus Brandsma a cuireadh chun báis i Dachau sa bhliain 1942.

LuathshaolCuir in Eagar

Rugadh Anno Sjoerd Brandsma i bhFreisland ar 23 Feabhra 1881, Feirmeoirí beaga ba ea na Brandsma, agus Caitlicigh chomh maith, rud annamh sa cheantar sin.

Chuaigh Brandsma isteach san Ord Caimilíteach sa bhliain 1898, agus ghlac sé an t-ainm Títus. Rinne sé staidéar ar an fhealsúnacht agus diagacht agus bhain sé céim dochtúireachta amach i 1909. D'éirigh sé ina ollamh in Ollscoil Caitiliceach Nijmegen agus ina reachtaire ann ar feadh seal. Ag an am céanna, bhí sé ina iriseoir.

In ÉirinnCuir in Eagar

D'fhan Brandsma i mBaile Átha Cliath sa phobal Cairmilíteach i Sráid na mBráthair Bán nuair a bhí an Béarla a fhoghlaim aige.[1]

FeallmharúCuir in Eagar

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, ní raibh na nEaspaig san Ísiltír sásta bolscaireacht "sóisialach náisiúnta" a fhoilsiú. Bhí Brandsma ag áitiú ar eagarthóirí na nuachtán Caitliceach san Ollainn gan forógraí bolscaireachta na Naitsithe a chur i gcló.

Cimíodh Brandsma i Eanáir 1942. Cuireadh isteach i campaí géibhinn áirithe ina rinneadh turgnamh leighis air. Bhris a shláinte agus cuireadh chun báis é le hinstealladh nimhneach ar 26 Iúil 1942. Thug an Pápa Eoin Pól II an teideal 'beannaithe' dó sa bhliain 1985.

 
traein Velios - Titus Brandsma

Tá an iris Chaitliceach Éireannach "The Brandsma Review", a bhunaíodh in 1992, ainmnithe ina onóir.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Gaeilge" (en). The Brandsma Review (2016-12-28). Dáta rochtana: 2019-07-20.