Tóiceo
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is é Tóiceo (東京; Tōkyō éist leis sa tSeapáinis) príomhchathair na Seapáine, agus é suite i réigiún Chantó (関東地方; Kantō-chihō). Tugtar Ardchathair Thóiceo (東京都; Tōkyō-to) air go hoifigiúil sa tSeapáinis leis. Is é an chathair is mó sa tír é, óir tá breis agus 14,200,000 duine ina gcónaí sa chathair ó cheart.[1] Is é Tóiceo an limistéar uirbeach is mó ar domhan ó thaobh daonra de, agus thart ar 40,000,000 duine ina gcónaí i gceantar uirbeach na cathrach.
Tóiceo | |||||
---|---|---|---|---|---|
東京都 (ja) | |||||
|
|||||
Aintiún | Tokyo Metropolitan Song (en) (1947) | ||||
Siombail oifigiúil | Ginkgo biloba, Prunus ×yedoensis agus sléibhín | ||||
Ainmnithe in ómós | príomhchathair agus oirthear | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an tSeapáin | ||||
Príomhchathair de | an tSeapáin (1947–) | ||||
Príomhchathair | Shinjuku | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 14,264,798 (2022) | ||||
• Dlús | 6,501.58 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Minami-Kantō (en) Greater Tokyo Area (en) | ||||
Achar dromchla | 2,194.05 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Bá Thóiceo, Abhainn Sumida, Abhainn Arakawa agus Abhainn Edo | ||||
Airde | 6 m | ||||
Pointe is airde | Mount Kumotori (en) (2,017.1 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Maoracht Tokyo agus Cathair Thóiceo | ||||
Cruthú | 6 Meán Fómhair 1868 | ||||
Eachtra thábhachtach | February 26 Incident (en) (1936) Bombing of Tokyo (en) (1944) Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1964 (1964) Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2020 (2020) | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Tokyo Metropolitan Government (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Tokyo Metropolitan Assembly (en) | ||||
• Gobharnóir Thóiceo | Yuriko Koike (2016–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | JP-13 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | metro.tokyo.lg.jp | ||||
Tá Tóiceo suite ar an gcósta in oirthear Hoinsiú (本州; Honshū), an t-oileán is mó in oileánra na Seapáine. Tá an chathair roinnte ina 23 barda óna ndéantar Ardchathair Thóiceo, le chéile le limistéar Tama (多摩地域; Tama-chiiki) san iarthar chomh maith le hoileáin Thóiceo san Aigéan Ciúin.
Is é Tóiceo, ón 17ú aois ar aghaidh, an áit is tábhachtaí i saol polaitiúil na tíre. Is i dTóiceo atá formhór na bhforas náisiúnach lonnaithe, amhail príomháras impire na Seapáine, áras an phríomh-aire, an Diat Náisiúnta (Dáil na Seapáine), airí rialtais agus na hambasáidí eachtracha.
Sanasaíocht
cuir in eagarBaisteadh Tóiceo (東 tō "oirthear", agus 京 kyō "príomhchathair") ar an gcathair sa mbliain 1868 i rith réabhlóid Meiji, nuair a rinneadh príomhchathair na tíre de. Tá an chathair suite ar thaobh thoir na tíre, soir ón sean-phríomhchathair roimhe sin, Ceotó. Is é an nós in oirthear na hÁise an focal “príomhchathair” (京) a chur in ainm na príomhchathrach: féach Béising (北京), Nanjing (南京) na Síne nó Gyeonggi (京畿) thimpeall Shúl na Cóiré leis. Tagann an dá chuid seo le chéile chun "Tóiceo", "an príomhchathair oirthearach" a dhéanamh.
Edo (江戸) a tugadh ar an mbaile a bhí ann sula ndearnadh príomhchathair na Seapáine de, a chiallaíonn "inbhéar, ríbhear". Is é béal an Sumida (隅田川, Sumida-gawa) atá i gceist leis an ainm seo.
Iompar
cuir in eagarFeidhmíonn Tóiceo mar chroílar chóras iompair na Seapáine. Tá gréasán fairsing iarnróid ann, chomh maith le busanna, tacsaithe, líne traenach aonráille agus líne tram. Is é an córas traenach an modh iompair is tábhachtaí i dTóiceo,[2] agus is é an líonra uirbeach iarnróid is mó ar domhan é. Is i dTóiceo atá an stáisiún iarnróid is gnóthaí ar domhain, Stáisiún Shinjuku, lonnaithe.[3]
Tá dhá aerfort mhóra sa réigiún: Aerfort Idirnáisiúnta Narita, taobh amuigh den chathair i maoracht Chiba, agus Aerfort Haneda, atá suite níos cóngairí do lár na cathrach.
Bardaí speisialta Thóiceo
cuir in eagarTá 23 barda speisialta (特別区; tokubetsu-ku) ann i dTóiceo, lena socraíodh teorainneacha sheanchathair Thóiceo sular n-atarraingíodh críocha na cathrach sa mbliain 1943. Is faoin "Dlí um fhéinriail áitiúil 1947" a bunaíodh na bardaí speisialta. Tá méara, comhairle agus stádas mar chathracha iad féin ar leith ag gach aon de na bardaí seo.
Ainm | Seapáinis | Daonra (2007) | Dlús daonra/km² | Achar km² |
---|---|---|---|---|
Adachi | 足立区 | 629,392 | 11,830.68 | 53.20 |
Arakawa | 荒川区 | 194,777 | 18,262.25 | 10.20 |
Bunkyō | 文京区 | 194,933 | 16,009.28 | 11.31 |
Chiyoda | 千代田区 | 43,802 | 3,763.06 | 11.64 |
Chūō | 中央区 | 104,997 | 10,344.53 | 10.15 |
Edogawa | 江戸川区 | 661,386 | 13,264.86 | 49.86 |
Itabashi | 板橋区 | 529,059 | 16,445.72 | 32.17 |
Katsushika | 葛飾区 | 428,066 | 12,286.62 | 34.84 |
Kita | 北区 | 330,646 | 15,885.67 | 20.59 |
Kōtō | 江東区 | 436,337 | 10,963.24 | 39.80 |
Meguro | 目黒区 | 267,798 | 18,217.55 | 14.70 |
Minato | 港区 | 205,196 | 10,088.30 | 20.34 |
Nakano | 中野区 | 312,939 | 20,097.82 | 15.59 |
Nerima | 練馬区 | 702,202 | 14,580.61 | 48.16 |
Ōta | 大田区 | 674,590 | 11,345.27 | 59.46 |
Setagaya | 世田谷区 | 855,416 | 14,728.23 | 58.08 |
Shibuya | 渋谷区 | 205,512 | 13,337.13 | 15.11 |
Shinagawa | 品川区 | 353,887 | 15,576.01 | 22.72 |
Shinjuku | 新宿区 | 309,463 | 16,975.48 | 18.23 |
Suginami | 杉並区 | 534,981 | 15,725.49 | 34.02 |
Sumida | 墨田区 | 237,433 | 16,079.49 | 13.75 |
Taitō | 台東区 | 168,277 | 16,139.38 | 10.08 |
Toshima | 豊島区 | 256,009 | 19,428.44 | 13.01 |
Comhchathracha
cuir in eagarTá nascanna comhpháirtíochta ag Tóiceo leis an 12 cathair agus stát a leanas:[4]
- NuaEabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá) ón 29 Feabhra 1960;
- Béising (an tSín) ón 14 Márta 1979;
- Páras (an Fhrainc) ón 14 Iúil 1982;
- New South Wales (an Astráil) ón 9 Bealtaine 1984;
- Súl (an Chóiré Theas) ón 3 Meán Fómhair 1988;
- Iacárta (an Indinéis) ón 23 Deireadh Fómhair 1989;
- Stát São Paulo (an Bhrasaíl) ón 13 Meitheamh 1990;
- Caireo (an Éigipt) ón 23 Deireadh Fómhair 1990;
- Moscó (an Rúis) ón 16 Iúil 1991;
- Beirlín (an Ghearmáin) ón 14 Bealtaine 1994;
- An Róimh (an Iodáil) ón 5 Iúil 1996;
- Londain (an Ríocht Aontaithe) ón 14 Deireadh Fómhair 2015.
Aeráid
cuir in eagarTóiceo – Aeráid | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
Meán-uasteocht an lae (°C) | 9.8 | 10.0 | 12.9 | 18.4 | 22.7 | 25.2 | 29.0 | 30.8 | 26.8 | 21.6 | 16.7 | 12.3 | 19.7 |
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 2.1 | 2.4 | 5.1 | 10.5 | 15.1 | 18.9 | 22.5 | 24.2 | 20.7 | 15.0 | 9.5 | 4.6 | 12.5 |
Meán-bháisteach (mm) | 48.6 | 60.2 | 114.5 | 130.3 | 128.0 | 164.9 | 161.5 | 155.1 | 208.5 | 163.1 | 92.5 | 39.6 | 1,466.7 |
Foinse: Met Office Eanáir 2011 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "東京都の人口(推計)|東京都の統計" (Seapáinis). www.toukei.metro.tokyo.lg.jp. Dáta rochtana: 2025-01-10.
- ↑ John L. Renne (2016-02-17). "Transit Oriented Development: Making it Happen" (as Béarla): 245–258. Routledge.
- ↑ "Busiest station" (Béarla). Guinness World Records. Dáta rochtana: 2022-08-08.
- ↑ "Sister Cities(States) of Tokyo - Tokyo Metropolitan Government" (Béarla). www.metro.tokyo.lg.jp. Dáta rochtana: 2025-01-10.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarSuíomh Gréasáin oifigiúil (sa tSeapáinis)