Tristan Rosenstock

Craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir Éireannacha

Is craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir Tristan Rosenstock. Tá sé ina Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, chomh maith le cláir liteartha eile. Ón mbliain 2017 i leith tá sé ina eagarthóir liteartha ar an iris Comhar. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada. Tá sé pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus cónaí orthu ag bun shléibhte Bhaile Átha Cliath lena mbeirt léitheoirí óga. Is é Inis Mara an chéad leabhar atá tagtha óna pheann, arna mhaisiú ag Mark Wickham agus arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR.

Infotaula de personaTristan Rosenstock
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir, ceoltóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Inis Mara cuir in eagar

Plota cuir in eagar

Bhí saol breá ag muintir Inis Mara agus bhí gach duine sona sásta. Ach nuair a cheaptar an Santóir mar cheannaire, téann gach rud in olcas agus milleann sé an t-oileán álainn le haer salach. Tá cailín cróga ar an oileán a spreagann gach duine chun seasamh a thógáil agus beartaíonn Éabha a dícheall a dhéanamh chun an Santóir a stopadh.

Scéal comhaimseartha eachtraíochta atá anseo a bhaineann le cúrsaí athrú aeráide, leis an tábhacht a bhaineann le bheith ag comhoibriú le daoine eile, agus le tábhacht na fírinne. Bainfidh léitheoirí óga agus aosta taitneamh agus tairbhe as eachtraí Éabha agus í ag iarraidh a pobal a thabhairt slán ón gceannaire cam atá ag milleadh an oileáin. Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

“Scéal tráthúil, taitneamhach agus spreagúil … le teachtaireachtaí a théann i bhfeidhm go mór ar an léitheoir.” – Áine-Máire Ní Cheallaigh, Stiúrthóir, Baile Átha Cliath UNESCO Cathair Litríochta


Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar