Sa teangeolaíocht, tugtar an tuiseal ochslaíoch (giorraithe ocs) ar thuisil i dteangacha éagsúla arb iad a shaintréith choiteann ná go gcuireann siad gluaiseacht nó scaradh ó rud éigin in iúl, cé gur féidir na sonraí i ngach teanga a bheith difriúil. Tugtar ablatus air sa Laidin, an rangabháil (neamhrialta) éighníomhacha fhoirfe den fhocal auferre " iompar ar aghaidh ".

Sa Laidin, úsáidtear an tuiseal ochslaíoch go príomha mar dhobhriathra le briathra a mhodhnú. Tá 15 tuiseal aici, iad dhírshinsearaithe ó thrí thuiseal Phróta-Ind-Eorpaise: ochslaíoch (ó), uirliseach (leis), agus áitreabhach (i / ag). Uaireanta tugtar an tuiseal dobhriathartha’ ar an ‘an tuiseal ochslaíoch’, toisc gur féidir frásaí sa tuiseal ochslaíoch a aistriú mar dobhriathair: Is féidir magnā (cum) celeritāte a aistriú mar "le luas mór" nó "go han-tapa”.

Sa Sean-Ghréigis, bhí feidhmeanna an tuisil ochslaígh tógtha ag an tuiseal ginideach, i dtreo is go raibh feidhmeanna aige a bhain le ghinideach agus le hochslaíoch na Próta-Ind-Eorpaise. Mar shampla, an tuiseal ginideach leis na réamhfhocail ἀπό apó "amach ó" agus ἐκ / ἐξ ek / ex "as".

Bíonn an tuiseal ochslaíoch le fáil san Albáinis, a cúigiú tuiseal agus tugtar "mënyra rrjedhore." air.

Is é an cúigiú tuiseal é an tuiseal ochslaíoch i gcás graiméir na Sanscraite (panchami) agus bhí feidhm cosúil leis an Laidin aige.