Veigeánachas

fealsúnacht a dhiúltaíonn úsáid ainmhithe
(Athsheolta ó Veigeán)

Creideann veigeáin nár cheart úsáid a bhaint as an aon rud a thagann ó ainmhithe. Is cearta ainmhithe, agus an chruálacht a bhaineann dóibh, na cúiseanna is mó a luann siad as an chineál saoil seo a roghnú.[1][2]

veigeáin de réir tíortha
1 Samhain

Stair cuir in eagar

Bhí an tóir atá ar an veigeánachas ag méadú sna 2000idí agus 2010idí, chomh maith le gluaiseachtaí eile ag an am, mar shampla, cóir-thrádála agus in-athchúrsáilte. “Níos lú feola, níos lú teasa, níos mó beatha,” a deir an t-aisteoir Arnold Schwarzenegger sa bhliain 2016.[3][4]

Bhí earnáil na n-éadaí veigeáin ag fás de réir a chéile dá bharr, le daoine ag ceannach éicearraí ionas gur féidir leo cloí lena gcuid luachanna agus seasamh a ghlacadh ar son ainmhithe. Bhí an cuardach le haghaidh fabraicí nua-aoiseacha nach dtagann ó ainmhithe, ach a bhfuil cáilíochtaí ar nós olla ag baint leo, ag croílár nua-chomhlachtaí veigeáin.[1]

Ach níl suim an phobail sa veigeánachas róláidir mar sin féin; mar shampla, dúirt buistéir sa bhliain2109 go bhfuil raibh ag fanacht dílís don dhinnéar traidisiúnta na Nollag, ainneoin fás ar fheoilséanadh agus veigeánachas.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Aiste bia veigeánach ar 'Blas' (BBC)[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 NÓS. "Cuir ort do chuid… éicéadaí? Faisean 'veigeáin' ag dul i dtreise" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-09-30.
  2. Sláine Ní Chathalláin. "An Veigeánachas – níor bhraitheas riamh chomh maith céanna" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-09-30.
  3. CNN / jct.ie (2016). "Arnold Schwarzenegger". Dáta rochtana: 2021.
  4. ""Less Meat. Less Heat. More Life." | Arnold Schwarzenegger" (as en) . 
  5. Nuacht RTË (2019-12-24). "Milliún turcaí le hithe in Éirinn amárach - áisíneacht bia" (as ga). 
  6. "BBC Radio Ulster - Blas, Caoimhe Ní Chathail" (ga). BBC. Dáta rochtana: 2021-10-01.