Vicipéid:Laethanta roghnaithe/13 Lúnasa
Is é an 13 Lúnasa an 225ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 226ú lá i mbliain bhisigh. Tá 140 lá fágtha sa bhliain.
- 1899 – Rugadh Alfred Hitchcock, stiúrthóir Sasanach/Meiriceánach (b. 1980)
- 1910 – Cailleadh Florence Nightingale, banaltra (r. 1820)
- 1918 – Rugadh Georges Laplace, réamhstaraí (b. 2004)
- 1926 – Rugadh Fidel Castro, uachtarán ar Chúba 1961-2008
- 1946 – Cailleadh H. G. Wells, scríbhneoir Sasanach (r. 1866)
- 1971 – Rugadh Moritz Bleibtreu, aisteoir
- 1974 – Cailleadh Cáit Ní Bhriain, 76, úrscéalaí (r. 1897)
- 1985 – Cuireadh obráid trasphlandú croí agus scamhóg ar bhuachaill óg 3 bliain d'aois as Baile Átha Cliath
- 2008 – Cailleadh Nollaig Ó Gadhra, 64, iriseoir agus léachtóir (r. 1943)
- 2009 – Cailleadh Les Paul, giotáraí agus ceapadóir (r. 1915)