Osclóidh seo an príomhroghchlár

Scríbhneoir Sasanach ab ea Herbert George Wells (21 Meán Fómhair 1866 - 13 Lúnasa 1946) a bhí ina cheannródaí cheannródaí sa bhficsean eolaíochta.[1] Is clasaiceach a leabhar War of the Worlds,"Cogadh na Reann".

Herbert George Wells
Herbert George Wells in 1943.jpg
H.G. Wells sa bhliain 1943
Dáta breithe 21 Meán Fómhair, 1866
  Bromley, Kent, Sasana
Dáta báis 13 Lúnasa, 1946
  Londain, Sasana
Gairm Úrscéalaí, múinteoir, iriseoir, staraí
Seánra Ficsean eolaíochta
roimh 1922

Ficsean EolaíochtaCuir in Eagar

 
roimh 1923

Is minic a chuirtear i gcomparáid le Jules Verne é. Bhí Wells an chéad scríbhneoir a bhain úsáid as móitíf áirithe ina chuid scríbhneoireachta sular éirigh an nós sin coitianta san fhicsean eolaíochta. Má fheictear dúinn inniu go bhfuil blas an chliché ar a lán dár scríobh sé, is éard is cúis leis ná nach raibh na clichéanna féin ina gclichéanna go fóill nuair a chéadcheap sé iad.

Is iad na luathshaothair fhicsin eolaíochta is mó a léitear inniu, cosúil le The Time Machine, The Invisible Man, The First Men on the Moon agus The War of the Worlds.

Tá leagan Gaeilge den War of the Worlds ann, mar atá, Cogadh na Reann (agus cóip de ar fáil i Leabharlann na gCeithre Máistrí i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe).

 
ag imirt cluichí cogaíochta, Illustrated London News (25 Eanáir 1913)

PolaitíochtCuir in Eagar

Cé gur mar scríbhneoir ficsin eolaíochta is mó a aithnítear inniu é, scríobh Wells a lán eile, go háirithe leabhair pholaitiúla. Sóisialaí a bhí ann riamh, agus nuair a chuaigh sé anonn in aois, d'éirigh a chuid leabhar níos polaitiúla agus níos teagascúla - agus, mar sin, níos doléite.

GaeilgeCuir in Eagar

Rinne Leon Ó Broin aistriúchán sna 1930idí ach a d'fhoilsigh Evertype roinnt blianta ó shin in eagrán faoi eagar ag Aibhistín Ó Duibh.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Aonghus Ó hAlmhain (2018-12-29). "Cogadh na Reann". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2019-01-01.