Is é an 17 Eanáir an seachtú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 348 lá fágtha sa bhliain nó 349 i mbliain bhisigh.

Dubhghlas de hÍde

  • 395 – Fuair an tImpire Theodosius I bás agus scair Impireacht na Róimhe ina dhá leath: an impireacht thoir faoi Arcadius agus an impireacht thiar faoi Honorius
  • 1377 – D'aistrigh an Pápa Gréagóir XI suíomh na pápachta ar ais ó Avignon go dtí an Róimh
  • 1773 – Agus an Captaen James Cook i gceannas, trasnaigh an HMS Resolution an Ciorcal Antartach den chéad uair riamh
  • 1860 – Rugadh Dubhghlas de hÍde (pictiúr), 1ú Uachtarán na hÉireann (b.1949)
  • 1863 – Rugadh David Lloyd George, polaiteoir Briotanach (b.1945)
  • 1893 – Cailleadh Rutherford B. Hayes, 19ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1822)
  • 1899 – Rugadh Al Capone, drongadóir Iodáil-Mheiriceánach (b.1947)
  • 1942 – Rugadh Muhammad Ali, dornálaí Meiriceánach
  • 1945 – Ghabh na Sóivéadaigh Raoul Wallenberg san Ungáir
  • 1962 – Rugadh Jim Carrey, fuirseoir agus aisteoir Ceanadach
  • 1964 – Rugadh Michelle Obama, dlíodóir Meiriceánach
  • 2007 – Cailleadh Séan Mac Réamoinn, craoltóir Éireannach (r.1921)
  • 2008 – Cailleadh Bobby Fischer, sármháistir fichill (r.1943)
  • Tuilleadh teagmhais: 16 Eanáir17 Eanáir18 Eanáir