Vicipéid:Laethanta roghnaithe/23 Samhain
Is é an 23 Samhain an 327ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 328ú lá i mbliain bhisigh. Tá 38 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Kinrō kansha no hi" sa tSeapáin.
- 1804 – Rugadh Franklin Pierce, 14ú uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá (b.1869)
- 1887 – Rugadh Henry Moseley, fisiceoir Sasanach (b.1915)
- 1888 – Rugadh Harpo Marx, fuirseoir (b.1964)
- 1910 – Cailleadh Hawley Harvey Crippen, lia Meiriceánach cuireadh chun báis de dheasca gur dhúnmharaigh sé a bhean chéile (r.1862)
- 1966 – Cailleadh Seán Tomás Ó Ceallaigh, 84, dara hUachtarán na hÉireann (r.1882)
- 1980 – Maraíodh breis is 4,800 duine i gcrith talún i ndeisceart na hIodáile
- 2002 – Maraíodh 215 duine agus gortaíodh os cionn 500 duine i gcíréibeacha sa Nigéir de bharr go raibh comórtas áilleachta Miss World á reáchtáil ann