An Aoine
Is í an Aoine lá na seachtaine idir an Déardaoin agus an Satharn.
Cineál | lá den tseachtain | ||
---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Froig (bandia), Véineas, 5, 6 agus Miotal | ||
Cuid de | seachtain | ||
Haischlib | #FridayFeeling agus #FridayMotivation |
Reiligiún
cuir in eagarI gCríostaíocht, is í Aoine an Chéasta an Aoine roimh Cháisc.
In Ioslam, is í an Aoine lá adhartha. I dtíortha áirithe Ioslamacha, tosaíonn an seachtain Dé Domhnaigh agus críochnaíonn sé Dé Sathairn, agus i dtíortha Ioslamacha eile, tosaíonn an seachtain Dé Sathairn agus críochnaíonn sé Dé hAoine, mar shampla an Iaráin agus an Afganastáin.
Ritheann an sabóid sa Ghiúdachas ó luí gréine Dé hAoine go dtí luí gréine Dé Sathairn.
Siopadóireacht
cuir in eagarTéann muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbun siopadóireachta go fonnmhar ar "Aoine Dhubh", tar éis Lá an Altaithe, sa tóir ar shladmhargaí. Ó na 2000idí ar aghaidh, tá "Aoine Dhubh" in Éirinn[1]. Go minic 'séard atá á dhéanamh ag na siopaí ná 40% a bhaint den phraghas a bhí ar an táirge ag tús na bliana, seachas ar an bpraghas a bhí air an tseachtain seo caite. Mar sin, bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil lascaine níos fearr ar fáil. Cuireann sé comhairle ar dhaoine comparáid a dhéanamh idir na praghsanna a ghearanna siopaí éagsúla ar an táirge céanna.
Nósanna
cuir in eagar- I gcultúir áirithe, is mí-adhúil í an Aoine, go háirithe Dé hAoine an 13ú lá agus go mór mór i gciorcail muirí. I scéal oiread (bréagach), tógadh long Cabhlach, an "HMS Friday" Dé hAoine, cuireadh an long chun mhuir Dé hAoine, agus d'imigh sí gan tásc ná tuairisc[2].
- Is í an Aoine an lá deireanach roimh an deireadh seachtaine, agus mar sin, is cúis í a chomóradh. Sin as ar tháinig an nath 'T.G.I.F.' (Béarla ar 'Buíochas le Dia go bhfuil sé Dé hAoine'). Bhíothas ag caint faoi sna scannáin ó na seachtóidí. Is as sin freisin ar tógadh ainm an bialann 'T.G.I. Friday's'.
- In oifigí áirithe, tá cead ag fostaithe éadaí neamhfhoirmiúil a chaitheamh De hAoine.
Stair
cuir in eagarTharla cúpla tubaistí stairiúla Dé hAoine. Tugtar "Aoine Dubh" orthu.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |