Walter Heitler

fisiceoir Gearmánach

Fisiceoir Gearmánach ab ea Walter Heinrich Heitler (Gearmáinis: [ˈHaɪtlɐ]; 2 Eanáir 1904 — 15 Samhain 1981) a chuir go mór le leictreodinimic chandamach agus le réimsetheoric chandamach. Thug sé ceimic faoin mheicnic chandamach trí theoiric an fhiúsnaisc.

Infotaula de personaWalter Heitler

(1937) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Eanáir 1904
Karlsruhe, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Samhain 1981
77 bliana d'aois
Zürich, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ludwig Maximilian, München Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaKarl Herzfeld agus Arnold Sommerfeld
Áit chónaitheKarlsruhe
Gníomhaíocht
Réimse oibreMeicnic chandamach, fisic, leictridinimic chandamach, réimsetheoiric chandamach, relationship between religion and science (en) Aistrigh agus fealsúnacht
Gairmfisiceoir, ceimiceoir, múinteoir ollscoile, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Leiden. Faculteit der Wiskunde en Natuurwetenschappen (1957–1958)
Ollscoil Leiden
Ollscoil Bhriostó Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis agus Béarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaCécile DeWitt-Morette, Lochlainn Ó Raifeartaigh agus Norbert Straumann
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

Oideachas cuir in eagar

Sa bhliain 1922, chuir Heitler tús lena staidéar ar fhisic ag Karlsruhe Technische Hochschule, i 1923 in Ollscoil Humboldt i mBeirlín, agus i 1924 in Ollscoil Ludwig Maximilian i München (LMU), áit a ndearna sé staidéar faoi Arnold Sommerfeld agus Karl Herzfeld.

Ba é an dara dhuine ná a chomhairleoir tráchtais nuair a fuair sé a dhochtúireacht i 1926; Mhúin Herzfeld cúrsaí san fhisic theoiriciúil agus ceann sa cheimic fhisiceach, agus in éagmais Sommerfeld ghlac sé seilbh ar a ranganna go minic.[1]

Ó 1926 go 1927, bhí sé ina Chomhalta den Rockefeller Foundation[2] le haghaidh taighde iarchéime le Niels Bohr in Institiúid na Fisice Teoiriciúla in Ollscoil Chóbanhávan agus le Erwin Schrödinger in Ollscoil Zürich. Ansin bhí sé ina chúntóir do Max Born ag Institiúid na Fisice Teoiriciúla in Ollscoil Göttingen.

Chríochnaigh Heitler a Habilitation, faoi stiúir Born, i 1929, agus ansin d'fhan sé mar Privatdozent go dtí 1933. An bhliain sin, thug an ollscoil an bóthar dó toisc go raibh sé ina Ghiúdach.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Biographical Memoirs Home". nasonline.org. Dáta rochtana: 2022-07-01.
  2. "Rockefeller Foundation" (as en) (2022-06-28). Wikipedia. 
  3. Uta Schäfer-Richter (1992). "Die jüdischen Bürger im Kreis Göttingen, 1933-1945: ein Gedenkbuch : Göttingen, Hann. Münden, Duderstadt" (as de). Wallstein Verlag.