Leictridinimic chandamach
Teoiric ar idirghníomhuithe leictreamaighnéadacha a shaothraigh na fisiceoirí Meiriceánacha Richard Feynman is Julian Schwinger (1918-1994), an fisiceoir Seapánach Sinichiro Tomonaga (1906-1979), agus daoine eile sna 1940idí. Tugtar QED uirthi freisin. Idirghníomhaíonn cáithníní fo-adamhacha luchtaithe trí fhótóin, candaim na radaíochta leictreamaighnéadaí. Réamhinsíonn an teoiric g-fhachtóir an leictreoin agus na leibhéil fuinnimh adamhaigh go han-chruinn. Is tomhasteoiric fréamhshamhla í seo, agus bunaíodh teoiricí na bhfórsaí núicléacha ar an tsamhail seo.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Leictridinimic chandamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 406.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |