Eachtránaí ab ea William Lamport a rugadh i Loch Garman sa bhliain 1615. D'éag sé sa bhliain 1659.

Infotaula de personaWilliam Lamport

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1615
Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Samhain 1659
43/44 bliana d'aois
Cathair Mheicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás trí dhó
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Salamanca Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois

Saol cuir in eagar

Ba mhairnéalaigh iad a shinsir agus fuair sé oideachas Caitliceach ó na hÍosánaigh in mBaile Átha Cliath agus i Londain Shasana. Maítear go raibh ceithre theanga déag ar a thoil aige faoin am go raibh sé bliain agus fiche d'aois.

Sa bhliain 1627 gabhadh Lamport i Londain mar go raibh bolscaireacht Chaitliceach á dháileadh aige. D'éalaigh sé leis as Sasana chun na Spáinne agus chaith sé cúpla bliain ina fhoghlaí mara. Throid sé i gcoinne na nÚgónach ag Léigear La Rochelle chomh maith.

Chuaigh sé isteach i gceann de reisimintí Éireannacha na Spáinne sa bhliain 1633 agus throid sé ar son na Spáinne i gcoinne na Sualannach san Ísiltír. Tugadh post dó i seirbhís Rí na Spáinne le cabhair ón Diúc de Olivares, príomhaire Philip IV. Guillén Lombardo a bhí á thabhairt aige air féin faoin am sin.

Díbríodh é ón chúirt ríoga áfach mar gheall ar scannal éigin le bean den uasalaicme agus cuireadh go Meicsiceo mar spiaire do Olivares. Níorbh fhada gur léirigh sé a bhá leis na dúchasaigh agus thosaigh sé ag déanamh staidéir ar a nósanna leighis. Bhí cáil air mar fhear cróga, mar leannán ag mná uaisle agus mar gheall ar a thacaíocht do ghluaiseacht na saoirse.

Gabhadh é sa bhliain 1642, agus é ar tí a bheith geallta le Antonia Turcious, agus daoradh chun príosúin é ar feadh deich mbliana as comhcheilg i gcoinne riail na Spáinne a eagrú. D'éalaigh sé as an príosún i 1650 agus ghreamaigh sé bileoga a d'ionsaigh an Chúistiúnacht ar bhallaí i gcathair Mheicsiceo. Daoradh chun báis é i 1659. Deirtear gur éirigh leis é féin a thachtadh lena bhóna iarainn agus é ag dó ina bheatha.

Zorro? cuir in eagar

Le tamall de bhlianta anuas tá Lamport á lua leis an gcarachtar ficsin Zorro mar gheall ar an saol eachtrúil a bhí aige, ach níl aon fhianaise ann go raibh duine dá leithéid sin ann riamh. Is leor mar ábhar maíte an saol a chaith sé agus gurb é a scríobh an chéad fhorógra neamhspleáchais i gcoilíneacht Spáinneach inar gealladh athghabháil talún, cothromas idir ciníocha agus rí a bheadh tofa go daonlathach.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar