William Matthew Flinders Petrie
Éigipteolaí Sasanach agus Ollamh le hÉigipteolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Londain ab ea William Matthew Flinders Petrie (3 Meitheamh 1853 - 28 Iúil 1942).
William Matthew Flinders Petrie | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Charlton, 3 Meitheamh 1853 | ||
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe | ||
Bás | Iarúsailéim, 28 Iúil 1942 | ||
Áit adhlactha | Mount Zion Cemetery, Jerusalem (en) ![]() | ||
Cúis bháis | (maláire) | ||
Muintir | |||
Athair | William Petrie | ||
Máthair | Anne Flinders | ||
Céile/Céilí | Hilda Petrie | ||
Páistí | liosta iomláin
| ||
Oideachas | |||
Mic léinn dochtúireachta | Edward R. Ayrton (en) ![]() | ||
Teangacha | an Béarla | ||
Mic léinn | Margaret Murray James Quibell Ione Gedye | ||
Gairm | |||
Gairm | éigipteolaí, seandálaí agus scríbhneoir | ||
Fostóirí | University College London | ||
Saothar iomráiteach | Merneptah Stele (en) ![]() | ||
Duaiseanna | |||
Ballraíocht | Cumann Ríoga Acadamh Ríoga na Sualainne um Eolaíocht Acadamh Ríoga Litríochta, Staire, agus Seaniarsmaí na Sualainne | ||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Anglacánachas |
Baisteadh é as a sheanathair, an Captaen Matthew Flinders, taiscéalaí a rinne an chéad léarscáil iomlán de chósta na hAstráile.
Sa bhliain 1883 d'iarr Amelia Edwards air turas a dhéanamh ar son Chiste Taiscéalaíochta na hÉgipte (Egypt Exploration Fund), ciste a bhí sí tar éis a chur ar bun. Faoin mbliain 1884 bhí sé i mbun oibre. Ní raibh sé ar aon intinn le coiste an Chiste, dream a raibh drochmheas aige orthu mar mhaorlathaigh neamhinniúla. D'éirigh sé as a phost sa bhliain 1886 agus d'oibrigh ina aonar ar feadh seacht mbliana fichead sna háiteanna ba thábhachtaí sa tír.
Meastar gurbh eisean a bhunaigh Éigipteolaíocht an lae inniu, ós eisean ba thúisce a bhain feidhm as modhanna eolaíocha san Éigipt, leithéid na strataimeolaíochta: baintear rudaí amach dá réir ó shraith i ndiaidh sraithe (seift a ligeann duit iad a dhátú níos cruinne). Sin mar a dhéantar fós é.
Rinne Petrie tochailt in dhá cheann déag de na láithreáin Éigipteacha ba mhó. Orthu sin bhí reilig Hauwarâ el-Maqta sa Fayoum, áit ar fhág sárphortráidí na marbh clú uirthi, Tell al-Amarna, príomhchathair Aichéanatan, agus pirimid Meïdoum. Rinne sé tochailt an-chúramach i bpirimid mhór Giza ó 1880 go 1883, agus eisean a tháinig ar na blúirí de dhealbh ollmhór de Raimséas sa bhliain 1884. Rinneadh ball den Chumann Ríoga de sa bhliain 1902. Cailleadh in Iarúsailéim é, áit a raibh sé i mbun tochailte ón mbliain 1927 amach. Bhí os cionn dhá scór imleabhar de thuairiscí scríofa aige agus beagnach naoi gcéad alt agus léirmheas.