Witold Gombrowicz
Scríbhneoir nua-aimseartha ón bPolainn ab ea Witold Marian Gombrowicz. Rugadh i Małoszyce in aice le hOpatów é ar an 4 Lúnasa 1904, agus shíothlaigh sé i Vence san Fhrainc ar an 24 Iúil 1969, sa teach céanna, Villa Robemond inar cailleadh an scríbhneoir Sasanach D.H. Lawrence naoi mbliana déag is fiche roimhe sin.[1] Chuir údarás na Polainne cosc iomlán ar a shaothar litríochta.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Lúnasa 1904 Małoszyce, An Pholainn |
Bás | 24 Iúil 1969 64 bliana d'aois Vence, An Fhrainc |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Áit adhlactha | Alpes-Maritimes |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Faculty of Law and Administration, University of Warsaw (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ficsean |
Gairm | scríbhneoir, file dlíodóra, scríbhneoir aistí, saineolaí dlí, dialannaí, drámadóir, úrscéalaí, gearrscéalaí |
Seánra | Gearrscéal agus úrscéal gairid |
Gluaiseacht | Eiseachas |
Teangacha | An Pholainnis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Rita Gombrowicz (1968–1969) |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | gombrowicz.net |
|
Saol
cuir in eagarRinne Gombrowicz staidéar ar an dlí i Vársá.
Chuaigh sé i mbun pinn, agus d'fhoilsigh sé an chéad bhailiúchán gearrscéalta sa bhliain 1933. Cúig bliana ina dhiaidh sin, tháinig an chéad úrscéal i gcló - Ferdydurke. Scéal meafarach a bhí ann, agus Gombrowicz ag tabhairt leideanna áirithe faoi homaighnéasacht an scríbhneora - i dtús an úrscéil, caithfidh laoch an úrscéil, Józio, filleadh ar an meánscoil, toisc nach bhfuil sé pósta go fóill, cé gur shlánaigh sé tríocha bliain d'aois cheana féin.
Go gairid roimh ionsaí na dtrúpaí Gearmánacha ar an bPolainn sa bhliain 1939, chuaigh Gombrowicz ar bhord loinge a thug go dtí an Airgintín é. B'éigean dó fanacht thall ansin, agus ba mhinic a bhí sé ar an mblár fholamh i rith bhlianta an chogaidh. D'fhoghlaim sé Spáinnis agus d'fhoilsigh sé leagan Spáinnise den úrscéal úd Ferdydurke, a d'aistrigh sé féin le cuidiú ó chairde áitiúla.
Chaith Gombrowicz tréimhsí fada i bPáras. Sa bhliain 1950, d'éirigh leis teacht i dteagmháil le Kultura, iris na bPolannach i bPáras, agus bhí Jerzy Giedroyc, eagarthóir Kultura, sásta saothair le Gombrowicz a chur i gcló. Sa bhliain 1953, d'fhoilsigh Giedroyc úrscéal nua le Gombrowicz, Trans-Atlantyk, a thug cur síos fantaisíochta ar thuras an scríbhneora go dtí an Airgintín sa bhliain 1939.
Sna seascaidí, d'fhoilsigh Gombrowicz cúpla úrscéal eile, go háirithe Pornografia ("Pornagrafaíocht"). Níl pornagrafaíocht ar bith i gceist leis an gceann seo - níl ann go bunúsach ach cineál scéinséir a bhfuil a imeachtaí ag titim amach sa Pholainn le linn an Dara Cogadh Domhanda - cé nach raibh cur amach ar bith ag Gombrowicz ar an saol a bhí ag na Polannaigh sa tír san am sin.
Déghnéasach ba ea Gombrowicz b'fhéidir.[2] Bhuail sé le Rita Labrosse sa bhliain 1963 agus pósadh iad ar 21 Nollaig 1968.
Sna blianta 1953-1969, scríobh Gombrowicz dialann i stíl liteartha, agus foilsíodh an dialann (nó Dziennik) seo faoi chlúdach leabhair i ndiaidh a bháis.
Bhí asma agus so-ghabháltacht i leith galair riospráide ag cur as dó agus d''éag sé ar 24 Iúil 1969, in aois 64 dó.
Leabhair
cuir in eagar- Ewa M. Thompson, "Witold Gombrowicz" (Boston: Hall, 1979), ISBN 0-8057-6351-1
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Gombrowicz, Witold | Encyclopedia.com". www.encyclopedia.com. Dáta rochtana: 2019-07-24.
- ↑ "What You Didn't Know About Gombrowicz…" (en). Culture.pl. Dáta rochtana: 2019-07-24.