Is léicean duilliúil é Xanthoria parietina san fhine Teloschistaceae. Tá dáileadh leathan air, agus go leor ainmneacha coitianta ar nós léicean flannbhuí coiteann sa Ghaeilge. Is féidir é a fháil in aice leis an gcladach, ar charraigeacha nó ar bhallaí (mar sin an buafhocal parietina a chiallaíonn "ar bhallaí"), [1] agus freisin ar charraigeacha intíre, ballaí, nó coirt. [2] Roghnaíodh é mar shain-orgánach le haghaidh seicheamhú géanóm (arna phleanáil in 2006) ag an Joint Genome Institute (JGI) de chuid an US Department of Energy.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoXanthoria parietina Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtFungi
AicmeLecanoromycetes
OrdTeloschistales
FineTeloschistaceae
GéineasXanthoria
SpeiceasXanthoria parietina Cuir in eagar ar Wikidata
Beltr., 1858
X. parietina ag fás ar bhríce. . .
... ar bhrainse de Cornus mas . . .
... agus ar bhrainse marbh.

Tacsanomaíocht cuir in eagar

Chuir Carl Linnaeus síos go heolaíoch ar an speiceas den chéad uair i 1753, mar Lichen parietinus .

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charlton T. Lewis, Charles Short, A Latin Dictionary, părĭĕtārĭus”. www.perseus.tufts.edu.
  2. Paul. “Xanthoria parietina”. British Lichen Society. Dáta rochtana: 4 August 2022.