Aistí agus náisiúnaí Briotánach a bhí in Yann Fouéré a rugadh in Aignan, sa Département Gers, i ndeisceart na Fraince ar 26 Iúil 1910 agus a fuair bás ar 21 Deireadh Fómhair 2011 in aois a 101 bliain.

Infotaula de personaYann Fouéré

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Jean Adolphe Fouéré
26 Iúil 1910
Aignan (an Fhrainc)
Bás20 Deireadh Fómhair 2011
101 bliana d'aois
Saint-Brieuc (an Fhrainc)
Siocair bháisBás nádúrtha (Galar)
Áit adhlacthacimetière de la Trinité (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rúnaí ginearálta Consultative Committee of Brittany (en) Aistrigh
Eanáir 1944 – Lúnasa 1944
← Prosper Jardin (en) Aistrigh
Sub-prefect (en) Aistrigh Arrondissement Morlaix
Deireadh Fómhair 1940 – Samhain 1940
Stiúrthóir La Bretagne (en) Aistrigh, La Dépêche de Brest et de l'Ouest (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síLycée Saint-Charles
Lycée Louis-le-Grand
Lycée Montaigne
Ollscoil Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Páras
Brest
An Cloigeann
Roazhon Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaStrollad ar Vro (en) Aistrigh
Party for the Organization of a Free Brittany (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhraincis
Ghlac sé/sí páirt i
1940WWII Axis collaboration in France (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteOlwen Fouéré Cuir in eagar ar Wikidata

Bhunaigh sé ‘Ar Brezhoneg er Skol’ sa bhliain 1934, an chéad eagras abhcóideachta i gcomhair mhúineadh na Briotáinise sna scoileanna. Bhí sé ina leasuachtarán ar ‘Kevredigez Broadel Breiz’ (Aontas Réigiúnaithe na Briotáine) sna 30í. Bhí sé ina rúnaí ginearálta ar eagras a bunaíodh chun plé a dhéanamh ar chearta na mBriotánach, is é sin ‘Comite Consultatif de Bretagne’ (Coiste Comhairleach na Briotáine), agus bhí sé ina eagarthóir/stiúrthóir ar dhá nuachtán laethúla polaitiúla, ‘La Bretagne’ agus ‘L’Avenir de la Bretagne’. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chonartha Cheiltigh sa bhliain 1961.

Chuaigh sé ar deoraíocht ón mBriotáin i ndiaidh an Dara Cogaidh Dhomhanda, tráth a raibh na mílte Briotánach á ngabháil ag údaráis na Fraince. Fuair sé tearmann éigin sa Bhreatain Bheag agus ansin d’aistrigh sé go Conamara, áit ina raibh cónaí air lena theaghlach ar feadh tréimhse sular fhill sé ar an bhFrainc roimh 1955.

Seoladh aistriúchán Béarla dá leabhar ‘La Maison du Connemara’ i Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige ar 16 Meán Fómhair, 2011 agus bhí a iníon Rozenn Fouéré Barrett agus a mhac Erwan Fouéré i láthair ag an ócáid sin.