Is láithreoir teilifíse, gníomhaí Gaeilge agus file Éireannach í Zainab Boladale. Ba í an chéad bhean ón Nigéir a d’oibrigh i seomra nuachta RTÉ.

Infotaula de personaZainab Boladale

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithLagos, An Nigéir Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2017 –

Gairm cuir in eagar

Bhí an chéad phost ag Boladale san Irish Independent i 2017 mar iriseoir. Ansin thosaigh sí ag obair mar dhuine de láithreoirí chlár leanaí news2day ar RTE teilifís - an chéad duine d’oidhreacht na hAfraice a bheith ina ancaire nuachta ar RTÉ.[1] D’fhan sí ar an seó sin ó 2017 go 2019, agus i 2019 bhog sí go Nationwide.[2]

Labhair Boladale faoina heispéiris, ag fáil ráitis agus litreacha ciníocha ó ghlac sí a post in RTÉ. Bhí a lán den ábhar maslach díriú uirthi agus tháinig an formhór trí chainéal YouTube. Mar gheall ar seo, d’iarr RTÉ ar na meáin shóisialta níos mó gníomhaíochta a dhéanamh chun dul i ngleic le cainéil maslacha. Cuireadh an cainéal as feidhm tar éis an clúdach nuachta ar eispéiris Boladale. Bhí Boladale ar cheann de na príomhchainteoirí ag an eachtra Beyond Representation i Meán Fómhair 2019.[3]

Saol pearsanta cuir in eagar

Rugadh Boladale i Lagos, an Nigéir. Nuair a bhí sí ceithre bliana d'aois, bhog sí go hInis, Contae an Chláir, Éire lena máthair agus lena deartháir ná deirfiúr níos óige. D’fhreastail sí ar Scoil Chríost Rí, An Chloch Liath agus Gaelcholáiste an Chláir, Inis. Bhain sí céim BA amach san Iriseoireacht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 2017.[4] Bhuaigh sí Iriseoir na Bliana sa Dámhachtainí Hibride Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 2017[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ireland: First Afro-Irish woman appointed as News TV presenter" (en). European Web Site on Integration. Dáta rochtana: 2020-06-15.
  2. "International Women's Day 2018 - Zainab Boladale" (en). www.immigrantcouncil.ie. Dáta rochtana: 2020-06-15.
  3. "An Event Celebrating Women Of Colour In Ireland Is Taking Place This Weekend" (en). Stellar. Dáta rochtana: 2020-06-15.
  4. "Zainab Boladale: Let's Keep in Touch". www.dcu.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-14. Dáta rochtana: 2020-06-15.
  5. "EBCF: Rosita Boland & Zainab Boladale discuss Careers and Media". Glor. Dáta rochtana: 2020-06-15.