Áine Hensey
Is ceoltóir agus craoltóir í Áine Hensey, as Baile Átha Cliath.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Baile Átha Cliath ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | craoltóir ![]() |
Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta ![]() |
Teangacha | An Ghaeilge |
![]() ![]() |
Gairm
cuir in eagarD’oibrigh Hensey leis an bhféile mhór óige Slógadh sna 1970idí agus roinnt mhaith féilte eile – Éigse Mrs Crotty, Oidhreacht an Chláir, agus Consairtín ina measc.
Mar láithreoir, cuireann sí cláracha ceoil traidisiúnta i láthair den chuid is mó. Chaith sí tréimhsí le RTÉ Radio 2 (nó RTÉ 2FM mar atá anois air), RTÉ Radio One, agus Clare Fm. Tá sí ag craoladh le Raidió na Gaeltachta ó bhí 1995 ann. agus tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge uirthi óna cláracha Béal Maidine, An Ghaoth Aniar, Binneas Béil, agus An Ghealach Ghorm.
Bíonn sí le feiceáil ó am go chéile ar chláracha TG4 freisin agus d’oibrigh sí taobh thiar den cheamara ar Geantraí ar an stáisiún sin.
Sa bhliain 2023, tháinig Hensey i gcomharbacht ar Brian Montague mar chathaoirleach ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann.
As Baile Átha Cliath ó dhúchas Áine Hensey cé go bhfuil sí ina cónaí in iarthar an Chláir ó na 1980idí. Cothaíodh tuiscint dhomhain ar an gceol Gaelach inti ó bhlianta na hóige agus as sin a d’eascair saol oibre faoi ghradam i mbun craoltóireachta agus i mbun riaracháin i réimse na healaíne.
Sa bhliain 1979 a thosaigh Áine amach ar an gcraoltóireacht ar dtús le RTÉ Radio 2 agus chaith sí tréimhsí ina dhiaidh sin le Radio 1 agus le Clare FM. Thosaigh sí le Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1995 agus tá léiritheoireacht agus láithreoireacht déanta ar chláir éagsúla cheoil leis an stáisiún sin aici, Binneas Béil agus An Ghealach Ghorm ar an gcuid is deireanaí acu. Ar feadh na mblianta, bhí aithne agus eolas uirthi ina léiritheoir agus ina láithreoir nuair a bhí craoladh á dhéanamh beo ó fhéilte agus ócáidí éagsúla, Scoil Samhraidh Willie Clancy agus Oireachtas na Samhna ina measc.
Taobh amuigh den chraoltóireacht, tá fónamh déanta ag Áine le gnéithe den riarachán ar chúrsaí ealaíne agus is mór an pháirt a bhí aici i bhféilte de leithéid Shlógadh agus Éigse Mrs Crotty. Tá sí na comhstiúrthóir faoi láthair ar Chonsairtín, an chomhdháil náisiúnta faoin
gconsairtín. Saothraíonn sí gan scíth gan sos ar son na Gaeilge agus an cheoil thraidisiúnta ar an raidió agus ag imeachtaí poiblí. Chaith sí seal ina Cathaoirleach ar Ghael Linn agus tá sí ina Cathaoirleach faoi láthair ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann.
Chomh maith leis an obair chraoltóireachta agus riaracháin, ghnóthaigh Áine céim Dochtúireachta i stair thús na nua-aoise ó Ollscoil Mhá Nuad sa bhliain 2012.
Mar gheall ar an bhfónamh mór atá déanta aici ar mhaithe le ceol agus cultúr na hÉireann, bronntar Gradam Comaoine TG4 na bliana 2025 ar Áine. Chuaigh a cuid saothair ar son sheancheol na hÉireann i gcion go dlúth agus go domhain, ar an aer agus in eagraíochtaí cultúir, rud a chinntíonn go bhfuil oidhreacht cheoil na tíre seo ar fáil go beo bríomhar ag na glúnta atá le theacht.
Bronnadh Gradam Comaoine uirthi ag Gradaim TG4 sa bhliain 2025.
Féach freisin
cuir in eagar- Canúintí Ceoil, Clár TG4
- TCDE
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ NÓS (2023-07-13). "Áine Hensey ceaptha ina cathaoirleach ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-13.
Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |