Éileamh ceimiceach ar ocsaigin

Sa cheimic chomhshaoil, is miosúr táscach é an t-éileamh ceimiceach ar ocsaigin (ÉCO) den mhéid ocsaigine is féidir a ídiú ag imoibrithe i dtuaslagán tomhaiste. Cuirtear in iúl go coitianta é i mais na hocsaigine a ídítear de réir toirte an tuaslagáin, arb é atá in aonaid SI ná milleagram in aghaidh an lítir (mg/L). Is féidir tástáil ÉCO a úsáid chun méid na n- orgánach in uisce a chainníochtú go héasca. Is é an cur i bhfeidhm is coitianta atá ag ÉCO ná méid na dtruailleán in- ocsaídithe a fhaightear in uisce dromchla (e.g. lochanna agus aibhneacha) nó fuíolluisce a chainníochtú. Tá ÉCO úsáideach i dtéarmaí bainistithe cáilíocht uisce trí mhéadracht a sholáthar chun an éifeacht a bheidh ag eisilteach ar an dtimpeallacht ghlactha a chinneadh, a leithéid agus an t-éileamh bithcheimiceach ocsaigine (ÉBO)


Forbhreathnú cuir in eagar

Is é bunús na tástála ÉCO ná gur féidir beagnach gach comhdhúil orgánach a ocsaídiú go hiomlán le dé-ocsaíd charbóin le gníomhaire ocsaídiúcháin láidir faoi dhálaí aigéadacha. Tugtar an méid ocsaigine atá riachtanach chun comhdhúil orgánach a ocsaídiú go dé-ocsaíd charbóin, amóinia agus uisce trí:

 

Ní chuimsíonn an slonn seo an t-éileamh ocsaigine de bharr nítriúcháin, ocsaídiú amóinia go níotráit:

 

Ní ocsaídíonn déchromáit, an gníomhaire ocsaídiúcháin chun ÉCO a chinneadh, amóinia go níotráit, mar sin ní chuirtear nítriúchán san áireamh sa tástáil chaighdeánach ÉCO.

Déanann an Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán cur síos ar mhodh caighdeánach chun an t-éileamh ceimiceach ar ocsaigin a thomhas in ISO 6060 [1]


Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar