Élothach mac Fáelchon

rí Éireannach

Uí Chinnsealaigh na Laigean Theas ba ea Éalathach mac Faolcháin (Sean-Ghaeilge Élothach mac Fáelchon) (bás c. 734). Faolán mac Síoláin, iar-rí, ba ea a sheanathair. Ba bhall de Shíol Fhaolcháin na Laigean é.[1]

Élothach mac Fáelchon
Saol
Bás730í
TreibhUí Chinnsealaigh
Gairm

Feictear Éalathach sna ríliostaí mar chomharba Laoghchinn mhic Con Mealla (bás 727) agus tugtar réimeas seacht mbliana dó, a chuirfeadh le fios go raibh sé i réim idir 727-734.[2] Tá a chomharba, Aodh mac Colgan (bás 738) de Shíol Chormaic, le feiceáil sna hannála le linn an ama úd, agus é i gceannas arm na Laighean Theas in éadan na Mumhan sa bhliain 732.[3] Cloíodh agus maraíodh Éalathach ag Cath Oenbethi ag Aodh féin.[2]

Ba bhunaitheoir é den Síl nÉladaig, a bhfuil Síol Éalaigh i gContae Chill Mhantáin ainmnithe astu.

FoinsíCuir in Eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 10
  2. 2.0 2.1 Leabhar Laighneach, Rig Hua Cendselaig
  3. Annála Uladh, AU 732.12