An Úisbéiceastáinis
Teanga Tuircice is ea an Úisbéiceastáinis[1] nó an Úisbéicis (O‘zbek tili nó Ўзбек тили). Labhraíonn 30.7 milliún duine í, go háirithe san Úisbéiceastáin. Tá cuid mhór canúintí ann, agus iad an-difriúil le chéile, ach mar sin féin, tuigeann na hÚisbéicigh go léir an chanúint chaighdeánaithe.
Oʻzbek tili, Ўзбек тили agus ئۇزبېك تیلى | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha, macraitheanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 27,000,000 (2015) |
Stáit | an Úisbéiceastáin, an Afganastáin, an Táidsíceastáin, an Chirgeastáin, an Chasacstáin, an Tuircméanastáin, an Rúis, an Tuirc agus Daon-Phoblacht na Síne |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teangacha Tuircice Common Turkic (en) Karluk (en) Western Karluk (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach, Aibítir Choireallach agus aibítir Arabach |
Institiúid caighdeánaithe | Alisher Navo'i Tashkent State University of Uzbek Language and Literature (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Cóid | |
ISO 639-1 | uz |
ISO 639-2 | uzb |
ISO 639-3 | uzb |
Glottolog | uzbe1247 |
Ethnologue | uzb |
ASCL | 4306 |
IETF | uz |
Cosúil leis na teangacha Tuircice eile, fuair an Úisbéiceastáinis a lán focal ar iasacht ón bPeirsis agus ón Araibis. Thairis sin, áfach, d'imir an Pheirsis (nó an Táidsícis) an-tionchar ar fhuaimeanna na hÚisbéiceastáinise, ionas nach bhfuil comhcheol na ngutaí sa teanga chaighdeánach, cé gur ceann de na saintréithe is tábhachtaí é ag na teangacha Tuircice. Bíonn sé le fáil ina lán canúintí, áfach.
Roimh bhlianta an tSóivéadachais, ba nós leis na hÚisbéicigh a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh san aibítir Arabach. Tugtar "Chagatay" nó "Chag'otay" ar an gcineál caighdeán a bhí acu san am sin. Bhí an teanga Chagatay á saothrú ag lucht labhartha na dteangacha Tuircice ar fud Lár na hÁise go dtí gur thosaigh na húdaráis Shóivéadacha ag forbairt leaganacha caighdeánacha de na canúintí áitiúla agus ag cur na haibítre Coireallaí i bhfeidhm orthu. B'ansin a tháinig an Úisbéiceastáinis ar an bhfód an chéad uair mar theanga scríofa ar leith.
Nuair a tháinig deireadh le ré an Aontais Shóivéadaigh, chinn na hÚisbéicigh, cosúil lena lán eile de na náisiúin iar-Shóivéadacha a raibh teangacha Tuircice á labhairt acu, ar na litreacha Laidineacha a chur in ionad na litreach Coireallach. Murab ionann agus na náisiúin eile den chineál sin, áfach, ní dhearna siad aithris ar chóras litrithe na Tuircise. Roghnaigh siad scéim thraslitrithe nach mbeadh aon litir ann nárbh fhéidir a scríobh ar an méarchlár caighdeánach Meiriceánach. Mar sin, in áit sínte fada nó comharthaí foghraíochta eile den chineál sin a ghreamú de na litreacha, chuaigh siad i dtuilleamaí uaschamóga.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Úisbéiceastáinis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-18.
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |