Bhí Abul Kasem Fazlul Huq (26 Deireadh Fómhair 187327 Aibréan 1962)  nó A. K. Fazlul HuqSher-e-Bangla (an tíogar Bheangál) ina dhuine de na príomhfhigiúirí dlí agus polaitíochta de chuid Bheangál sa 20ú haois (san India roimh a neamhspleáchas agus sa Phacastáin Thoir  ó 1947 ar aghaidh).  Le linn a shaoil sa pholaitíocht, bhí poist mhóra ag Huq i i gConradh Moslamach na hUile-India, i gComhdháil Náisiúnta na hIndia agus sa Pháirtí Krishak Sramik (Krishak Sramik ina dhiaidh sin).[1]

A K Fazlul Huq.jpg

Bhí ardmheas air ag a lán daoine sa Phacastáin Thoir (ina dhiaidh sin sa Bhanglaidéis) as a pholaitíocht fhrith-fheodach fhorásach agus as a a ról sa ghluaiseacht ar son na Beangáilise. Dá bharr sin, adhlacadh i Másailéam na dTrí Cheannaire i Dhaka é, in éineacht le Huseyn Shaheed Suhrawardy (1892–1963) agus Khwaja Nazimuddin (1894-1964), beirt eile a bhí ina bPríomh-Airí ar Bheangál Thoir.

SaolCuir in Eagar

 
Páirc Sher-e-Bangla Panchagarh

Bhain Huq céim amach san eolaíocht ó Choláiste na hUachtaránachta i gCalcutta sa bhliain 1894 agus ansin Baitsiléir Dlíthe ó Coláiste Dlí na hOllscoile i gCalcutta i 1897.  Glacadh leis mar abhcóide agus d'oibrigh sé os comhair na hArd-Chúirte i gCalcúta agus Ard-Chúirt Dacca ar feadh blianta fada.

Bhí sé ina Abhcóide Ginearálta do Rialtas Bheangál Thoir ó 1947 go 1952.

Arna thoghadh den chéad uair chuig Comhairle Reachtach Bheangál sa bhliain 1913, bhí sé ina bhall di go dtí 1934, den Thionól Reachtach Lárnach ó 1934 go 1936 agus de Thionól Reachtach Bheangál ó 1937 go 1947 agus ní ba dhéanaí de Thionól Reachtach Bheangál Thoir agus de Thionól Bunreachta na Pacastáine. Bhí sé

  • ina Phríomh-Aire ar Bheangál (1937-43),
  • ina Phríomh-Aire ar Bheangál Thoir sa bhliain 1954 ar feadh seal gairid,
  • ina Aire Gnóthaí Baile na Pacastáine (1955-56) agus
  • ina Ghobharnóir ar an bPacastáin Thoir (1956-58).

TagairtíCuir in Eagar

  1. "UCD School of Law". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-05.