Aalborg
Cathair sa Danmhairg is ea Aalborg nó Ålborg. Tá an chathair suite cois caoláire Limfjord i dtuaisceart na hIútlainne, leithinis mhór idir an Mhuir Bhailt agus an Mhuir Thuaidh. Tá tuairim is 105,000 duine ina gcónaí sa chathair féin (2012) agus breis is 126,000 duine má chuirtear fo-bhaile Nørresundby san áireamh. Is iad na cathracha Odense, Aarhus agus Cóbanhávan amháin atá níos mó ná Aalborg. Mar sin, is í Aarhus an ceathrú cathair is mó sa Danmhairg.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Tír | An Danmhairg | ||||
Region of Denmark (en) ![]() | North Denmark Region (en) ![]() | ||||
Municipality of Denmark (en) ![]() | Aalborg Municipality (en) ![]() ![]() | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 113,417 (2017) ![]() | ||||
• Dlús | 815.95 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 139 km² ![]() | ||||
Airde | 5 m ![]() | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 16 Meitheamh 1342 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Thomas Kastrup-Larsen (2014–) ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 9000, 9200, 9210 agus 9220 ![]() | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 9 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | aalborg.dk ![]() |
Tá calafort tábhachtach ann agus aerfort sách mór chomh maith. Iompraíonn lastlonga an comhlachta Royal Arctic Line lasta idir príomhchathair Nuuk sa Ghraonlainn agus calafort Aalborg sa Danmhairg. Is é Aalborg Lufthavn an tríú aerfort is mó sa Danmhairg atá suite i Lindholm in iarthuaisceart na cathrach. Is féidir eitilt ó Aalborg go hOileáin Fharó.
Chomh maith le sin tá dhá ollscoil suite sa chathair. Ollscoil Teicneolaíochta Aalborg (bunaithe sa bhliain 1974) agus Ardscoil Cheoil Tuaisceart na hIútlainne (Nordjysk Musikkonservatorium). Is féidir ceachtanna ceoil clasaiceach chomh maith le ceachtanna ceoil nua-aimseartha le freastail ar an gceolscoil.
ÍomhánnaCuir in Eagar
Daoine cáiliúlaCuir in Eagar
- Jørn Utzon, ailtire cáiliúil (ina measc ceoláras Sydney san Astráil)
- Ebbe Sand, peileadóir sacair
ComhchathrachaCuir in Eagar
Tá Aalborg nasctha le neart bailte nó cathrach ar fud na cruinne, ina measc
- Gaillimh
- Dún Éideann, Albain
- Nuuk, An Ghraonlainn
- Húsavík, An Íoslainn
- Fuglafjørður, Oileáin Fharó
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- Ceolscoil Nordjysk Musikkonservatorium: musikkons.dk Curtha i gcartlann 2012-05-03 ar an Wayback Machine
- Ollscoil Aalborg: aau.dk
- Turasóireacht Aalborg: visitaalborg.com
- Cathair Aalborg: aalborgkommune.dk Curtha i gcartlann 2011-10-24 ar an Wayback Machine