Acht Faoisimh do Chaitlicigh (1829)
Ritheadh an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh (1829) nuair a bhí Arthur Wellesley (an chéad Diúc Wellington) ina phríomh-aire. Tugadh aontú an rí ar an 13 Aibreán 1829. Thug an t-Acht cead d'fhir Chaitliceacha a bhí ábalta vótáil dul isteach i bParlaimint Shasana agus post a bheith acu i seirbhís an stáit nó sna fórsaí armtha.
Cineál | Public General Act of the Parliament of the United Kingdom (en) | ||
---|---|---|---|
Fógairt | 13 Aibreán 1829 , Parlaimint na Ríochta Aontaithe | ||
Dáta foilsithe | 1829 | ||
Uimhir eagrán | 7 | ||
Tír | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann | ||
Baint le limistéar údaráis | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann | ||
Saothar iomlán ar fáil ag URL | archive.org… |
Cúlra
cuir in eagarGluaiseacht pholaitiúil in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh an 18ú haois agus tús an 19ú haois ab ea Fuascailt na gCaitliceach. Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill agus daoine eile deireadh iomlán a chur leis na Péindlíthe.
Sheas an Conallach i bhfothoghchán i gContae an Chláir sa bhliain 1828. Bhuaigh sé, cé go raibh cosc air a shuíochán a thógáil suas i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe mar gheall ar an Mionn Ceannais. Ba é sin ba chúis leis an ngéarchéim ar tháinig Fuascailt na gCaitliceach ina diaidh.[1]
Cuireadh dlí nua - Acht Faoisimh do Chaitlicigh (1829) - i bhfeidhm i dtreo go mbeadh cead ag an gConallach a shuíochán a ghlacadh mar bhí eagla ar an rialtas go mbeadh éirí amach eile ann in Éirinn.[2]International Phonetic Alphabet - SIL
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-13.
- ↑ Oliver MacDonagh (1991). "O'Connell: The Life of Daniel O'Connell, 1775-1847" (as en). Weidenfeld and Nicolson.