Feiste chun adaimh a ghaistiú trína luas a laghdú go mór trí fhuarú le léasar. Déantar an gaistiú le réimsí maighnéadacha nó léas dian léasair, fócasaithe ar phonc. Tháinig an t-adamhghaiste maighnéadoptúil, le réimsí maighnéadacha is léasair fhócasaithe, chun cinn ó 1987, agus is é seo an saghas is coitianta anois. Nuair a bhíonn na hadaimh gaistithe, is féidir staidéar a dhéanamh ar a n-airíonna agus iad a úsáid i dturgnaimh san optaic adamhach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Adamhghaiste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 10.