adaptxt
Is éard atá in Adaptxt ná feidhmchlár ar fhóin phóca a ligeann do dhaoine téacsáil thuarthach (nó predictive texting) a dhéanamh. Is é KeyPoint Technologies atá i mbun a fhorbartha, comhlacht atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe.
Cineál | feidhmchlár |
---|---|
Tuilleadh eolais | |
Láithreán Gréasáin | adaptxt.com |
| |
Is ar fhóin Windows amháin a bhí an feidhmchlár nuair a lainseáladh i 2006 é, ach cuireadh ar fail ar fhóin Android é freisin i 2011, an bhliain chéanna a ndearnadh feidhmchlár le cód oscailte de.
Cuireadh cumas Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann leis i mí na Samhna 2012, trí chomhoibriú idir Adaptxt, Michael Bauer, agus Kevin Scannell.[1]
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |